Tairgim:—
Go gcomhaontóidh Dáil Éireann leis an Taoiseach d'ainmniú an Teachta Seán Mac Urmhúmhain chun a cheaptha ag an Uachtarán chun bheith ina chomhalta den Rialtas.
Mar adúras seachtain ó shoin, d'fhág bás Sheáin Uí Mhaoláin folúntas i measc comhaltaí an Rialtais agus chuir mé in iúl don Dáil go raibh ar intinn agam an folúntas sin a líonadh. Tairgim anois go gcomhaontóidh Dáil Éireann lem' ainmniú an Teachta Mac Urmhúmhain chun a cheaptha ag an Uachtarán chun bheith ina chomhalta den Rialtas.
I am moving that Dáil Éireann approve my nomination of Deputy John Ormonde for appointment by the President to be a member of the Government.
I do not think it is necessary for me to say anything further. I explained last week that it was proposed to fill the vacancy created by the regretted death of the late Senator Seán Ó Maoláin.
Cuireadh agus d'aontaíodh an cheist.