Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 25 Mar 1958

Vol. 166 No. 7

Committee on Finance. - Vóta Uimh. 59—Comhar Eadarnáisiúnta.

Tairgim:—

Go ndeonfar suim fhorlíontach nach mó ná £4,750 chun íoctha an mhuirir a thiocfas chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1958, chun ranníoc do Chomhairle na hEorpa agus don Eagras um Chomhar Eacnamaíochta san Eoraip agus do na Náisiúin Aontaithe; agus chun costas eile ina dtaobh sin.

Mar is eol don Dáil, bhunaigh Comhdháil Ghinearálta na Náisiún Aontaithe Fórsa Eigeandála na Náisiún Aontaithe i mí na Samhna, 1956, chun deireadh a chur leis an gcogaíocht le linn éigeandála Suez agus maoirseacht a dhéanamh ar na cúrsaí a bhain leis. Mar gheall ar an meanma achrainn a mhaireas ó shoin i leith sa limistéir sin is gá an Fórsa seo a choinneáil ar an láthair d'fhonn ord a choimeád.

Aontaímid go léir nach le neart ba chóir fadhbanna eadarnáisiúnta a réiteach ach le riail dlí. Má tá an dlí le bheith i réim, áfach, ní mór gléas a bheith ann chun feidhm a thabhairt dó. D'fhéadfadh Fórsa Éigeandála na Náisiún Aontaithe bheith ina ghléas chuige sin.

I gComhdháil na Náisiún Aontaithe an Meán-Fhómhair seo caite, tharla agam gur mholas go mbeadh fórsa iniúchta de chuid na Náisiún Aontaithe ann chun go gcuirfí i bhfeidhm, i rith idirthréimhsí, na beartais a ceapadh le haghaidh réiteach na gcrua-cheisteanna críche is measa atá os comhair an domhain faoi láthair; agus an tSamhain seo caite, sa díospóireacht sa Tigh seo i dtaobh beartais choigríche, chuireas in iúl athuair mo mhuinín sa togra réitigh seo, agus d'áiríos roinnt samplaí inar cuireadh i bhfeidhm é le dea-thoradh.

Tá an Meán-Oirthear ar cheann de na límistéirí is so-adhainte ar domhan inniu, agus níl aon amhras orm ná gur measa fós an cor a bheadh ar chúrsaí ann faoi láthair mura mbeadh Fórsa Éigeandála na Náisiún Aontaithe a bheith san áit. Dá bhrí sin, measaim go bhfuil lucht síochána faoi chomaoin acu sin a mhol go gcuirfí an fórsa seo ar fáil agus a chuir ar bun é. Tá ár mór-bhuíochas ag dul freisin do na hoifigigh agus do na fir as na tíortha éagsúla atá sa bhFórsa, as ucht a n-araíonacht chumasach agus a ndílseacht do bharrshamhla na Náisiún Aontaithe. Tá súil agam go bhfaghaidh an meastachán forlíontach seo le haghaidh cothabhála an Fhórsa lánaontú an Tí.

Is é cuspóir an Mheastacháin seo íoc as iarmhéid ár ranníoc chun costas Fórsa Éigeandála na Náisiún Aontaithe suas go dtí 31 Nollaig, 1957. Sa bhliain airgeadais deiridh, d'íocamar £6,810, nó 19,000 dollaer, ár gcion den chaiteachas tosaigh a raibh 10,000,000 dollaer ann agus a caitheadh ar scór Fórsa Éigeandála na Náisiún Aontaithe: an 26ú lá de Mhárta seo caite, cheadaigh an Teach d'aon-ghuth meastachán forlíontach chun an íocaíocht sin a dhéanamh.

An uair sin, níor bhfeasach cé mhéid a hiarrfaí orainn a ranníoc ina dhiaidh sin agus, dá bhrí sin, níor bhféidir suim airgid a chur sna meastacháin ghinearálta do mo Roinn-se in aghaidh na bliana airgeadais reatha. Ón uair sin, áfach, d'údaraigh na Náisiúin Aontaithe go gcaithfí 20,000,000 dollaer breise suas go dtí deireadh 1957. Dá mba do réir an scála ag a mbeadh feidhm sa ghnáth-shlí dob iníoctha ár scair den tsuim sin, is é sin, scála na ranníoc chun ciste na Náisiún Aontaithe, £13,700, cothrom 38,000 dollaer a bheadh dlite dhínn. Ach mar gheall ar shuimeanna móra a tugadh go toildheonach ar an ocáid seo, ar a n-áirítear íocaíocht an-mhór ó Stáit Aontaithe Mheiriceá—12 milliún dollaer—níl dlite dhínn ar fad ach £6,750, cothrom 18,910 dollaer. Ar an taobh eile dhe, mar gheall ar go ndéanfaimid tuairim is £2,000 de thíobhas ar an Vóta, san iomlán, do Chomhar Eadarnáisiúnta, tá an tsuim lena mbaineann an Meastachán Forlíontach laghdaithe go dtí £4,750.

Tig liom a rá gur dóigh gur do réir an ghnáth-scála ranníoc a bheas costas cothabhála an Fhórsa iníoctha feasta, is é sin, mar dob iníoctha ár gcéad ranníoc bliain ó shoin agus mar chuid den ranníoc atá i dtrácht anois. Tá socrú d'íocaíochtaí amach anseo ar an bhforas sin á dhéanamh sna Meastacháin don chéad bhliain airgeadais eile atá súil agam a chur ós comhair an Tí go luath.

Cuireadh agus d'aontaíodh an Vóta.

Votes 50, 25, and 59 reported and agreed to.
Top
Share