Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 22 May 1958

Vol. 168 No. 5

Committee on Finance. - Vóta 37—Oifig an Aire Oideachais.

Tairgim:—

Go ndeonfar suim nach mó ná £251,670 chun slánuithe na suime is gá chun íochta an mhuirir a thiocfas chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1959, chun Tuarastal agus Costas Oifig an Aire Oideachais agus chun Costas a bhaineas leis an gComhairle Oideachais.

£14,204,640 atá ins na naoí Bhótaí go bhfuilim-se freagrach iontu, sé sin, £154,570 níos mó ná iomlán na bliana seo caite.

Ina theannta san, tá £1,400,000 fé Bhóta 9 (Oifig na nOibreacha Poiblí) chun tithe scoile náisiúnta a thógáil, a mhéadú is a dheisiú. Mar sin, sé iomlán atá dá sholáthar le haghaidh oideachais i mbliana ná £15,604,640. Is ionann an méid sin agus breis agus a ceathair déag fén gcéad den iomlán atá dá chur ar fáil i gcóir na Seirbhísí Soláthair ar fad.

Le costaisí riaracháin na Roinne a bhaineann Bhóta 37 agus tá £378,670 dá sholáthar fé, sé sin, méadú, £11,930 ar an méid a bhí sa Bhóta anuaridh. Sé fáth is mó atá leis an méadú san ná an t-airgead breise a b'éigin a chur ar fáil chun íoc as breiseanna tuarastail d'oifigigh nach bhfuil barr a scálaí sroiste acu.

£9,225,530 an tsuim glan atá á soláthar don Bhun-Oideachas, sé sin, méadú £87,180. Sé is mó is cúis leis san ná an méadú atá ar an méid airgid atá ag teastáil i gcóir tuarastal agus aoisliúntas múinteoirí.

Tá méadú fós ar líon na ndaltaí atá ag freastal ar na scoileanna náisiúnta. Ar an 30ú de Mheitheamh, 1957, bhí 503,381 ar rollaí na scoileanna san i gcomparáid le 500,894 an tráith céanna anuaridh. Sa scoil-bhliain, 1956/57, bhí 13,402 mhúinteoirí fostaithe ins na scoileanna náisiúnta. Orthu san bhí 9,067 ban agus 4,335 fear.

Sa bhliain darbh críoch an 31ú Mhárta, 1958, ceadaíodh deontais de £1,096,487 chun caogra is a cúig de scoileanna nua do thógáil, chun ocht scoil déag a fhairsingiú, chun mór-athdhéanamh nó mór-athchóiriú a dhéanamh ar sheacht scoil déag agus chun mionoibreacha a dhéanamh in a lán scoileanna eile. Leis an gcion-íocaíocht áitiúil de £191,215 bé costas measta iomlán na noibreacha san ar fad ná £1,287,702.

£1,206,350 an méid a chaith Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí ar oibreacha scoile i gcaitheamh na bliana. Tógadh cúig cinn dachead de scoileanna nua agus críochnaíodh sé cinn déag de scéimeanna fairsingithe i gcaitheamh na bliana. Ar an aonú lá tríochad de Mhárta, 1958, bhí obair tógála ar siúil i gcás céad is aon cheann déag de scoileanna nua agus dachad is a seacht de scéimeanna feabhsuithe.

Mar adubhras cheana £1,400,000 atá beartaithe ag na Coimisinéirí a caitheamh ar scoileanna náisiúnta sa bhliain airgeadais reatha.

Tar éis dom na fíricí agus na figiúirí seo a thabhairt, tá roint nithe eile go mba mhaith liom tagairt a dhéanamh dóibh. Bíonn Meastachán an Oideachais gach bliain ina óacáid le lán-chur síos a dhéanamh ar an nGaeilge agus a mbaineann léi. Caidh sin dhealródh sé uaireanta gur ar an Roinn Oideachais atá iomlán na freagarthachta i leith na Gaeilge. Ba mhaith liom a rá anso gur fada ó aithbheochaint na Gaeilge bheith ina faidhb ná baineann ach leis an Roinn Oideachais. Fadhb náisiúnta í sa chéill is leithne. Ba chóir, ach go háirithe, í bheith ina ceist is ina cúram ag gach aon eagraíocht agus fearas fén Stát agus go speisialta ina h-ábhar go bhféachfadh gach ball den pháirliméid náisiúnta air féin nó uirthi fhéin mar dhuine go bhfuil trom-fhreagarthacht air nó uirthi ina leith.

Ní dóigh liom gurb í slí a bfhearr chun freastal ar an bhfreagarthacht san suí siar agus bheith ag comhairliú do dhaoine eile cad ba chóir dóibh a dhéanamh, ach gach ball den Tigh seo a fhiafraí de féin nó di féin "Cad atá déanta agam féin le briathar nó tré ghníomh chun treoir a thabhairt don náisiún sa cheist bhunúsach so?"

De bhrí go bhfuil socair ag an Rialtas coiste do chur ar bun chun breithniú a dhéanamh ar gach beart is fearr a dhéanamh chun aithbheochaint na Gaeilge a thabhairt ar aghaidh, níl fúmsa dul isteach sa scéal a thuilleadh anso ar eagla go gceapfaí gurbh amhlaidh a bheinn ag iarraidh laincis ar bith a chur ar an gcoiste nó ar a imeachtaí. Níorbh é mo cheart, áfach, an ocáid a ligint tharm gan tagairt a dhéanamh don fheachtas nuachtán a bhí ar siúl i gcaitheamh na bliana i leith na Gaeilge sa chlár scoile. Orthu san a bhí páirteach sa bhfeachtas bhí daoine fé ainmneacha cleite éagsúla agus gach aon áiféis ar siúl acu, ar an mbun, do réir dealraimh, gur leor aon saghas slaite chun córas oideachais na tíre de bhualadh leí an fhaid atá lucht riartha an chórais ag chur tábhachta leis an nGaeilge sa chlár scoile.

Is leor lena theaspáint ná raibh bun ná urra leis an bhfeachtas san gur thit sé as a chéile an uair amháin a thug Cumann na Múinteoirí Náisiúnta fíricí an scéil i dtaobh na hoibre atá a dhéanamh ins na scoileanna náisiúnta.

I gcaitheamh na bliana leis bhí daoine áirithe ag fáil lochta ar ár gcóras oideachais agus ag déanamh moltaí ina leith, moltaí nár bhfoláir nó bhíodar ag ocapadh go raibh anamheachan iontu.

Cuid de na hathruithe a bhí á moladh, sé ar nochtadar ná go raibh lucht an léirmheasa aineolach ar fad beagnach ar conas d'fhás an córas atá againn agus ar na mór-íobhairtí a fulaingeadh san am atá caite chun a chinntiú go mbeadh a bpáirteanna cuí sa chóras ag na tuismitheoirí, an Eaglais agus an Stát. Ní féidir le haoinne milleán do chur ar an nduine gurab é an deagh-intinn atá taobh thiar dá lochtú ach tá ábhar imní ann go mbéadh daoine ar chóir fios a mhalairte bheith acu ag ropadh scríbhiuní nó ráiteasaí i láthair an phobail gan iarracht a dhéanamh an chéad uair ar theacht ar cheart agus bunús an scéil.

Ná bíodh sé le tógaint as an méid atá ráite agam anois, áimh, go bhfuilimse ag ceapadh go bhfuile gach uile shórt ar fheabhas. Na fadhbhanna atá againn ní haon dóichín iad ná ní in aon lá amháin a réiteofar iad. An ceann is mó de na fadhbhanna san an líon mór de dhaoine neamh-oilte neamhcháilithe atá ag teagasc ins na scoileanna náisiúnta—timpeall an creathrú cuid den iomlán.

Progress reported; Committee to sit again.
Top
Share