Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 19 Jun 1958

Vol. 169 No. 3

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Water Supply for Donegal Gaeltacht Districts.

asked the Minister for the Gaeltacht if it is proposed to provide a piped water supply for the Fíor-Ghaeltacht districts of Ranafast and Derrynamansher, County Donegal; and, if so, if he will state the amount of the State contribution allocated therefore, and when work will commence.

Tá beartaithe ag Comhairle Chontae Dhún na nGall scéim uisce-sholáthair a chur i gcrích i gceantar Rann na Feirste/Doire na Mainséar ar chostas measta de £10,950. Tá curtha in iúl don Chomhairle Chontae go mbeidh mo Roinn-se sásta 25 per cent. den chostas measta a chur ar fáil le haghaidh na scéime ar choinníoll (1) gur límistéir Gaeltachta chun críche Ordú na Límistéirí Gaeltachta, 1956, an ceantar uile a bheas i gceist, agus (2) go mbeidh an Roinn Rialtais Áitiúil tar éis an scéim d'údarú. I dteannta deontais mo Roinne-se, beidh an Chomhairle Chontae i dteideal cúnamh airgid nach mó ná 43½ per cent. den mhuirear iasachta a lorg ón Roinn Rialtais Áitiúil. Ní thig liom a rá cén uair a tosnófar ar an obair.

An bhfuil an tAire sásta go bhfuil Comhairle Contae Dhún na nGall ag dul chun tosaigh leis an scéim ar chor ar bith?

Nil 'fhios agam. Sin ceist i gcóir Comhairle Contae Dhún na nGall.

Top
Share