Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 19 Nov 1959

Vol. 178 No. 2

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Bóithre Contae Dhún na nGall.

28. D'fhiafraí

d'Aire na Gaeltachta an dtabharfaidh sé cead do Chomhairle Contae Dhún na nGall deontas óna Roinn a chaitheamh ar bhóithre contae in ionad bóithre áise.

Rinne an tAire a chuaigh romham beartas Roinn na Gaeltachta i leith Scéim na mBóthar a mhíniú don Dáil nuair a bhí Meastachán na Roinne ós comhair an Tí ar an 10ú Meitheamh seo caite. D'innis sé don Dáil go raibh socraithe furmhór Chiste na mBóthar a chaitheamh, faid a bheadh gá leis sin, ar na bóithre áise. Tar éis dom féin teacht i gcúram oifige, scrúdaíos an cheist go cúramach agus táim sásta gurb é leas na Gaeltachta leanúint den bheartas sin. Is oth liom, mar sin, nach féidir dom géilleadh don mholadh atá ag an Teachta.

Top
Share