Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 26 Nov 1959

Vol. 178 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scéimeanna Soláthair Uisce do Ghaeltacht an Daingin.

47.

D'fhiafraí Dónall S. Ó Maoldomhnaigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil tograí faighte ag a Roinn ó Chomhairle Chontae Chiarraighe ar mhion-scéimeanna soláthair uisce do Ghaeltacht an Daingin (toghranna an Daingin agus Fionntrá); agus má tá, cad é an méid scéimeanna bailte fearainn nó scéimeanna grúpa atá beartaithe; agus cathain a thabharfar cead tosú orthú.

Tá réamh - thograí faighte ag mo Roinnse ó Chomhairle Chontae Chiarraighe i leith ocht gcinn de scéimeanna uisce-sholáthair sa límistéar atá luaite ag an Teachta. Go dtí go bhfaighfear pleananna agus meastacháin chostais ón gcomhairle agus go gceadóidh an Roinn Rialtais Áitiúil iad, ní féidir liom a rá cathain a thabharfar cead tosú ar an obair.

I wish to inform you, Sir, that owing to the unsatisfactory nature of the reply, I propose to raise the subject matter of Question No. 28 on the Adjournment.

The Chair will communicate with the Deputy.

I was going to raise the subject matter of Question No. 23 but perhaps the time is a bit short for the Ministers between now and 5 o'clock. We could try next week, if it does not suit the Ministers. Deputy Corry is in before me.

Top
Share