Tairgim:—
Go ndeonófar suim fhorlíontach nach mó ná £32,000 chun bheith mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1960, chun Óglaigh na hÉireann (lena n-áirítear Deontais-i-gCabhair áirithe) faoin Acht Cosanta, 1954 (Uimh. 18 de 1954) agus chun Costas áirithe riaracháin i ndáil leis an gcéanna; chun Costas áirithe faoi na hAchtanna um Chiontaí in aghaidh an Stáit, 1939 agus 1940 (Uimh. 13 de 1939 agus Uimh. 2 de 1940) agus faoi na hAchtanna um Réamhchúram in aghaidh Aer-Ruathar, 1939 agus 1946 (Uimh. 21 de 1939 agus Uimh. 28 de 1946); chun Costas áirithe i ndáil le Boinn a thabhairt amach, etc.; agus chun Deontais-i-gCabhair do Chumann Croise Deirge na hÉireann (Uimh. 32 de 1938).
Is é cuspóir an Mheastacháin Bhreise seo chun soláthar a dhéanamh do na méaduithe ar Phá an Airm atá tar éis a gceadaithe le héifeacht ón 15ú Nollaig, 1959. Sa bhliain airgeadais seo cosnóidh na méaduithe sin £72,000 agus, ag féachaint chun airgid a bhfuiltear ag coinne lena shábháil sa Vóta i gcoitinne, is é méid an Mheastacháin Bhreise ná £32,000.
Méadaíodh pá na n-oifigeach de réir mar a méadaiodh pá na Statseirbhísigh, agus sna scálaí is mó don lucht pósta, téann na méaduithe ó £41 sa bhliain do Dhara-Lefteanant go £134 sa bhliain do MhaorGhinearál. Fairis sin, méadaíodh pá gairmiúil, foirmeacha áirithe de phá breise agus, fós, an liúntas a ghabhann le héide a athnuachan. Tuairim is £70,000 so bhliain costas na méaduithe a deonadh d'oifigigh.
I gcoitinne, méadaíodh pá na bhfear de réir mar a méadaíodh pá na noifigeach agus, san am céanna, cuireadh san áireamh, freisin, luach na gciondálacha agus lucht na héide, etc. Téann na méaduithe pá ó 10/6 sa tseachtain do Mhaor-Sháirsint go 5/3 sa tseachtain d'earcach. Méadaíodh de 1/2 sa tseachtain, breisíochtaí pá fad-seirbhíse, atá iníochta tar éis cúig bliana agus deich mbliana seirbhíse, agus méadaíodh de 3/3 sa tseachtain an liúntais do mhná saighdiúirí pósta. Tuairim is £192,000 sa bhliain costas na méaduithe a deonadh d'fhir.
The purpose of this Supplementary Estimate is to provide for the increases in Army pay which have been approved with effect from 15th December, 1959. The cost of these increases in respect of the current financial year is £72,000 and, regard being had to anticipated savings in the Vote generally, the amount of the Supplementary Estimate is £32,000.
The pay of officers has been increased on the same basis as that of civil servants, the increases in the maxima of the married scales ranging from £41 a year for a second-lieutenant to £134 a year for a major-general. In addition, professional pay and certain forms of additional pay have been increased, as also has uniform replenishment allowance. The annual cost of the increases for officers is £70,000 approximately.
The pay of men has been increased generally in the same proportion as that of officers, the value of emoluments—rations, uniform, etc.—being also taken into account. The increases in pay range from 10/6d. a week for a Sergeant-Major to 5/3d. a week for a recruit. Long-service increments, payable after five and ten years' service, have been increased by 1/2d. a week and the allowance to wives of married soldiers by 3/3d. a week. The annual cost of the increases for men is £192,000 approximately.