den Aire Cosanta an eol dó, nuair a aistrítear oifigeach pósta go dtí stáisiún eile agus nach féidir leis seomraí fir phósta ná teach a fháil, gurb éigean dó tar éis sé mhí 3s. 1d. in aghaidh an lae a íoc as a chóiríocht i mBialann na nOifigeach; agus an eol do fairis sin gur cruatan mór é sin ar oifigigh agus ar a dteaghlaigh; agus an ndéanfaidh sé heart chun an scéal a réiteach.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - An Roinn Cosanta: Aistriúcháin Oifigígh Phósta.
28. D'fhiafraigh
Is eol dom, nuair a aistrítear oifigeach pósta go dtí stáisiún eile agus nach féidir leis seomraí fir pósta ná teach a fháil, gurb éigin dó tar éis sé mhí 3s. 3d. in aghaidh an lae a íoc as a chóiríocht i mBialann na nOifigeach. Im' thuairim-se, ní cruatan é seo, ach déanfar an cheist a scrúdú ath-uair.
Bhfuil difríocht ar bith ann idir saighdiúir agus oifigeach?
Cád é an difríocht?
Tá difríocht san phá a tugtar dóibh.
An bhfaighidh an saighdúir 3/3d.?
Ní hé go dtugtar 3/3d. do'n oifigeach ach go mbaintear as á phá é.
An mar a chéile é i gcás saighdiúra?
Ní bhaintear an t-airgead as pá an tsaighdiúra.
Nach baintear? Is maith é sin.