Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 2 Jun 1960

Vol. 182 No. 5

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Crolly (Donegal) Factory Workers.

35.

asked the Minister for the Gaeltacht if he is aware that out of a total of fifty employees Gaeltarra Éireann propose laying off twelve on the 3rd June and a further nineteen in three weeks' time at their factory at Crolly, County Donegal; and, if so, whether in view of the widespread unemployment and migration from this area which is the largest Fíor-Ghaeltacht he will take immediate steps to ensure that these boys and girls are not dismissed from their employment.

Tá curtha in iúl dom ag Gaeltarra Éireann gur tugadh fófra le déanaí do dháréag oib-rithe i gCroich Shlí á scaoileadh go sealadach ó fhostaíocht de bharr ganntanais oibre ach go bhfuil tuilleadh oibre ar fáil anois i gcaoi nach mbeidh sé riachtanach daoine den fhoireann a scaoileadh.

An bhfuil a fhios ag an Aire go bhfuil an monarchan seo sa Ghaeltacht is mó in Éirinn agus go bhfuil níos mó gasúir agus girseácha ag imeacht leo as an áit go hAlban agus go Sasana ná mar atá ag imeacht ó cheanntar eile? Bhfuil sé sasta go bhfuil sé ceart siód is go bhfuil monarchan nua sa bFód Dúbh i gConndae Mhuigheo agus go bhfuil neart oibre le fáil sa mhonarchan sin?

Cad chuige ar thug siad fógra do na daoine seo má tá neart oibre le fáil anois?

Tá na daoine ar a bhfuil an Teachta ag chaint ag obair anois. Ní chuirfear as obair iad. Tá obair go leor ann chun iad a choimeád ag obair agus chuirfear amach iad.

Agus beidh an obair ag na daoine seo.

Ná dúirt an tAire go gcoimeádfar na daoine seo?

Cad chuige an fógra mar sin?

Nár tarraingeadh siar on fógra?

B'fhéidir go bhfuil na "local elections" ag teacht.

Top
Share