den Aire Oideachais an bhfuil aon tairiscintí faighte aige Ó Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe faoi cheardscoileanna nua a thógáil; agus, má tá, céard iad na hionaid atá ceaptha dóibh; agus cén chaoi a bhfuil an scéal maidir le gach ceann acu.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Ceardscoileanna Nua i nGaillimh.
Tá tairiscintí ós cómhair mo Roinne ó Choiste Ghairm-Oideachais Cho. na Gaillimhe chun gairm-scoileanna a thógáil i nGleann na Madadh, i gCárna agus i mBaile Átha an Ríogh, agus tá aontaithe i bprionsabail leis na tairiscintí
Tá suíomh faighte ag an gcoiste i nGleann na Madadh agus tá réamhphleananna na scoile nua faomhtha agam. Chinn an coiste, ag cruinniú Mí Bealtaine, 1960, suíomh a cheannacht i gCárna, ach ní bhfuair mo Roinn, fós, an fhaisnéis reachtúil 'na thaobh. Níl tairiscint déanta fós fá shuiomh a cheannacht i mBaile Átha an Ríogh.
Tá na hionaid seo a leanas luaite ag an gcoiste mar áiteacha a gcuirfear gairm-scoileanna nua or bun amach annseo, ach níl tairiscintí cinnte fáighte agam fós 'na dtaobh: Corr na Móna, Uachtar Árd, An Clochán, Corr an Dola, Mágh Cuilinn, Âth Cinn agus Baile Gearr.