Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Friday, 10 Jun 1960

Vol. 182 No. 8

Committee on Finance. - Vóta 45—Roinn na Gaeltachta (atógáil).

Leanadh leis an díospóireacht ar an tairiscint seo leanas:
"Go gcuirfear an Meastachán ar ais chun a athbhreithnithe"— (Pádraig Mac Loingsigh.)

Seán Mac Eochagáin

Bhí mé ag caint ar an Meastachán seo aréir ar dheontais i leith céibheanna, agus tá áthas orm go bhfuil na deontais á dtabhairt ag an Aire agus ag an Roinn ina gcóir sin, cé nach bhfuilim sásta mar gheall ar nach dtugann siad na deontais ina n-iomláine. Bhí mé ag caint freisin faoi chúrsaí tithe gloine agus tá mé cinnte go bhfuil an t-am tagtha iad a réiteach ionas nach mbeidh an mhoill atá ann faoi láthair ina dtaobh.

Bhí mé ag déanamh tagairt freisin do dheontais deasú tithe. Is é an rud a tharlaíonn i nGaillimh nuair a chuireann duine foirm chuig an gComhairle Contae go dtagann cigire amach chun scrúdú a dhéanamh. Ansin cuireann an cigire scéal chuig an Roinn agus bíonn sé ag fanacht tamall fada go dtí go bhfaigheann sé scéal ar ais ón Roinn i láthair na huaire. Níl sé seachtain ó shoin ó bhí mé thall in oifigí Chomhairle Chontae na nGaillimhe ag iarraidh tuairisc a fháil faoí rudaí mar sin. An tuairisc a fuaireas uathu, nach bhfuaradar aon scéal faoi dheisiú na dtithe le cúig bliana anuas. Níl an milleán ar an gcomhairle contae. I gcás an rialtais aitiúil níl moill ar bith. Tugtar meastachán ar an spota. Tá mé ag ceapadh go mbeadh ar Roinn na Gaeltachta an rud céanna a dhéanamh. B'fhéidir nach bhfuil aon locht ar an Oifig. Níl mé ag rá go bhfuil. Iarraim ar an Aire féachaint isteach sa scéal.

Tamall gearr ó shin bhí me ag iarraidh tuairisc a fháil ón Aire Tailte faoi shoilse treorach i gCuan Chill Éanna agus an freagra a fuair me ón Aire sin gur bhain an ní sin le hAire na Gaeltachta. Tá an rud seo á phlé le scaitheamh maith. Ba mhaith liom go dtabharfadh an tAire freagra cathain a mbeidh sé réitithe. Tá go leor daoine i nÁrainn a théann le hiascaireacht. Níl aon ché acu le bád a thabhairt isteach.

Chuala mé clamhsán faoi thithe gloine. I gcás éigin tháinig cigire ón Roinn agus cheap sé amach áit le teach gloine a chur suas. Bhí gach uile shórt socraithe. Cúpla lá nó seachtain sul a rabhadar ag dul á thógáil tháinig fear—níl fhios agam arbh é an fear céanna é nó fear eile— agus dúirt sé nach raibh an áit oiriúnach le teach a thógáil ann. Bhí an fear sin ag clamhsán go raibh sé seachtaine ag réiteach na háite agus nuair bhí sé réidh go ndúradh leis nach raibh an áit oiriúnach. Níl fhios agam ainm an fhir seo fá lathair ach gheofaidh mé an t-ainm agus bhéarfidh mé don Aire é agus b'fhéidir go scrúdódh sé an cás.

Ba mhaith liom cuidiú leis an Teachta Mac Loingsigh ag cur fáilte ar ais go dtí an Roinn roimh an Aire. Níl mórán agam le rá ar an Meastachán—cúpla focal ar fad.

I should like to make a few brief observations on the Estimate. I may be critical at times but I believe that by trial and error the Minister may arrive at a certain degree of success in dealing with this important Department.

The first thing the Department of the Gaeltacht set out to do is to preserve the Irish language. To preserve the Irish language in the Gaeltacht, you must preserve the Irish-speakers there. In that respect, there is some poor reading in the Minister's statement. It says:

As Deputies are aware, there has been a general reduction in the rural population and because of this there is a corresponding drop in the number of children in the Gaeltacht.

There lies a hint as to the future of the Irish language. There is more Irish spoken in Coventry and Birmingham than there is in any part of the Gaeltacht. I have said that before. The only way to improve the position is to improve the standard of living in the Gaeltacht.

Recently I asked a question as to the wages paid to girls in some Gaeltarra Éireann factories. I was informed that the wages went as low as 25/- a week. If we heard that some of the Jew boys of the back rooms of Dublin paid such wages, we would be up in arms. The Department of the Gaeltacht close their eyes to that. Is that any incentive to children to remain in the Gaeltacht? The only thing it might do is to keep them there while they are earning their passage to England.

In the past I have raised the question of safeguarding the little home industries on the Aran islands. I referred to the Aran crios and the Aran gansey. The Department should interest themselves in this matter. The back-room workshops in Dublin are cashing in on this and have been doing so for years, making a nice penny out of it. I suggest that the Department should supply looms to the Aran islanders to help them meet the demand. Further, they should supply official tabs to be attached to the products of the Gaeltacht, especially to those of the Aran islands, as proof of origin. I do not see why we should have these imitations.

I have seen them actually in the Show in Dublin where they were supposed to represent Aran islanders' traditional dress. It is a great shame that people should cash in on that and even do it at the Show in Dublin. From a cultural point of view, I should like to see the Department encourage the islanders to continue to wear the traditional dress. The islanders, we can see, are inclined to adopt the habits of the mainland and lose most of their characteristics which have been admired by people coming from abroad to visit there.

I should like the Department to direct attention to the need for slipways between the different islands under the heading of minor marine works. It is very hard at times when you find a currach torn to pieces by the rocks and, during rough weather, they must manoeuvre in such a way that it is difficult to avoid damage. There is great need for these slipways and I think the Department should note it.

I understand that funds are available whereby roads in Aran could be improved. I should not like the money required to be taken from the normal Board of Works grant—why not let it be an additional grant? Possibly, the work could be done through the Board of Works. There is great need to improve the roads in the Aran area.

Certain moneys are allocated for amenity schemes, bathing pools and so on, and, while I do not want to be taken as being against amenities, I believe first things should come first. There is a great need to raise the standard of living by providing industries and while I know the Minister has the matter just as much at heart as I have, I suggest that he should note the need for further development of home industries, which are very important.

I should not like to let the occasion pass without commenting favourably on the products of Gaeltarra Éireann. These have drawn favourable comment from visitors to the country and the toy industry is second to none. I should also like to express appreciation of the work done by Gael-Linn and I hope they will get more co-operation from the Department in future. Gael-Linn has done some wonderful things and if there is more co-operation, for which I think the will is there, we shall achieve something worthwhile.

I find it amazing that families who for years have been getting the £5 school grant have been refused the grant when the younger children come to apply. They are told that Irish is not the spoken language of the home. It is unfair that examiners should come from different parts of the country, Cork, Kerry or Donegal. That has an effect on small children and it is unfair that children should be debarred from qualifying on these grounds. The child who speaks Irish fluently and comes from a home where Irish is not the spoken language should qualify if we are to encourage the Irish language and I suggest that the Minister should do something to extend the scheme in that direction.

Ba mhaith liom a rá go bhfuilim fíor-bhúioch don Aire mar ní dóigh liom gur chuala me riamh cuntas chomh soiléir ar aon Mheastachán ós cómhair an Tí. Tá fhios againn go léir go bhfuil a chroí sáite sa Ghaeltacht. As an nGaeltacht a tháinig sé agus déanfhaidh sé gach is féidir leis chun an Ghaeltacht a choimeád slán.

Is maith an rud é go mbeidh na scoláirí ag dul ann ar scoláireachtaí agus ag fanúint ann ar feadh na bliana uile. Go dtí seo bhí scoláiri sa Ghaeltacht i rith an tSamhraidh ach ansin d'imigh na daoine óga abhaile. Ní hionann é agus na scoláireachtaí atá ann anois. Táimid go léir búioch do Chumann Lúth-Chleas Gael i gCúige Mumhan go mór-mhór as úcht an méid daoine a chuirtear chun na Gaeltachta gach bhlian agus do chumainn eile chomh maith. Is maith an comhartha go bhfuil na daoine óga ag dul i gcomórtas chun dul go dtí an Ghaeltacht chun teanga a dtíre a fhoghlaim.

Is maith an rud é go bhfuil scéim ann chun cúirteanna liathróid láimhe a chur ar bun sa Ghaeltacht. Ní dóigh liom go mbeidh seans ag an Aire mórán páirceanna imeartha a chur ar bun ós rud é go bhfuil an talamh chomh gann agus na feirmeacha chomh beag sin. Má tá an talamh ann, is dócha go bhfuil gá leis sa Ghaeltacht. Pé ar domhan é, is dóigh liom gur cóir gach rud is féidir linn chun an Ghaeltacht a choimeád beo a dhéanamh agus pé mhéid airid a chaitear ann, ní caiteachas in aisce é. Beidh toradh maith as chomh fada agus atá an teanga slán. Is ceart dúinn gach is féidir linn a dhéanamh chun leasa na ndaoine atá in a gcónaí ann.

Pé mhéid airgid a chaitear ar obair a thabhairt do na daoine ann is fiú é, agus ba cheart dúinn suim a chur ina leithéid sin d'obair a sholáthar.

Táim buíoch don Aire. Le cúnamh Dé tiocfaidh toradh ar an obair atá á dhéanamh aige agus is dóigh liom go mbeidh cabhair le fáil aige ó gach taobh den Tigh chun leasa na Gaeltachta.

Ba mhaith liom a rá i dtosach gur thaithnigh liom thar cionn blas, bealach agus béasacht na díospóireachta atá cloiste agam aréir agus ar maidin agus an dea-thoil agus an dea-sprid a thaispeáin na daoine a labhair. An príomh-ábhar clamhsáin a bhí ag duine amháin—nílim á shéanadh go bhfuil bunús leis an gclamhsán—bhain sé le cuntas trádála Ghaeltarra Éireann. Dob é sin an rud ba mhó a luadh aréir ag an Teachta Mac Loingsigh. Deirim an méid seo leis agus le Bord Ghaeltarra Éireann freisin: níl mise sásta le toradh an Bhoird ach ní hé sin le rá nach gceapaim go bhfuil sé i ndán don Bhord sin an scéal a leigheas. Tuigim go rí-mhaith nuair a thagann bord nua isteach agus nuair a thagann foireann as an nua ar fad isteach agus go nglantar amach na seandaoine a bhí cleachta ar an obair, go mbíonn cúlú, agus má bhí cúlú ins an chás seo sin í an chúis atá leis. Chuile sheans go dtabharfadh sé sin ar an Teachta fiafraí: Tuige a ndearnadh amhlaidh? Tuige a ndearnadh an glanadh iomlán sin as Seirbhísí na Gaeltachta? Is féidir a rá gur tugadh breithiúnas ar an gceist seo i bprionsabal ag an Rialtas a bhí ann cheana, mar dúirt an Teachta Mac Loingsigh aréir, agus glacadh leis an gcinneadh sin ag an Rialtas a tháinig isteach ina ndiaidh agus cuireadh bord neamhspleach ar bun.

Cé go bhfuil cead ag Aire na Gaeltachta dul chuig an mBord agus chuile thuairisc agus chuile eolas a thóraíocht orthu, ní dóigh liom gur maith an rud don Bhord an chumhacht sin a chur in úsáid an iomarca go mór-mhór ós rud é gur bord nua é. Táimse thar a bheith cúramach i dtaobh dul ag tóraíocht an iomarca eolais róluath ar an mbord nua. Tar éis an méid sin a bheith ráite agam, is é mo leithscéal do na Teachtaí a labhair nach bhfuil mé ag dul isteach go mion ar an ócáid seo i gcúiseanna na gclamhsán a rinneadar i dtaobh rudaí áirithe a bhaineas le Gaeltarra Éireann don bhliain 1958/59.

Chuir an Teachta Mac Loingsigh ceist orm agus táim ag ceapadh go bhfuil teideal aige freagra a fháil uaim comh cruinn beacht agus is féidir liomsa sin a thabhairt: Tuige ar éirigh an chéad Chathaoirleach a bhí ar Bhord Ghaeltarra Éireann as an gCathaoirleacht? Nuair a chuir sé litir chugam ag éirí as an bpost chuir mise an cheist cheanann céanna air agus dúirt sé liom: "Níl mé sásta níos mó a rá leat mar Aire na Gaeltachta ná a chur in iúl duit go bhfuil mé ag éirí as an gcathaoirleacht agus caithfidh tú bheith sásta leis sin." Mura bhfaigheann tú go hoifigiúil an fáth ar éirigh duine as a phost ní dóigh liom gur ceart do Aire Stáit chuile eolas a thabhairt atá aige den dara láimh. Caithfidh mé a rá mar sin don Teachta Mac Loingsigh nach bhfuil an teolas sin agam.

Mar a dúirt mé nílim ag dul isteach go mion i gcúrsaí Bhord Ghaeltarra Éireann ar an ócáid seo ach dúradh —agus táim á cheapadh go bhfuil dualgas orm tagairt a dhéanamh dó— gur fostaíodh an chuid is mó den fhoireann nua atá ag Bord Ghaeltarra Éireann as football club éigin anseo i mBaile Átha Cliath. Níl fhios agam an fíor nó bréag é sin ach ní hé sin an pointe. Ní locht ar bith ar dhuine a bhfuil baint aige le football club post ar bith d'fháil, fiú amháin má tá sé ag iarraidh bheith ina Theachta Dála, ach sé an rud gur chóir dom tagairt a dhéanamh dó gur cuireadh i leith Rúnaí Roinn na Gaeltachta gurb eisean ba chiontach leis an scéal a bheith amhlaidh chomh fada agus a bhí sé amhlaidh.

Séanaim anois go hoifigiúil agus go húdarásach gur fíor é sin. Ní raibh aon pháirt nó láimh ag Aire na Roinne ins na poist a líonadh ar an bhfoireann nua de Gaeltarra Éireann. Má tá locht le fáil ar an bhfoireann nua sin is é an bord agallaimh a cheap Bord Ghaeltarra Éireann chuige sin atá ciontach. Tá fhios agam cé hiad. Bhí ceathrar acu ann. Is féidir liom a rá leis an Dáil nach raibh Rúnaí na Roinne ar dhuine acu.

Mar sin, fágfaidh mé Gaeltarra Éireann ar an ócáid seo gan a thuilleadh a rá mar gheall air. Is eol dom go bhfuil roinnt ceisteanna tábhachtacha ach níl mé sá eolasach ar cheann amháin acu chun freagra a thabhairt anois. Tá sí roinnt bheag teicniúil:— Má laghdaítear méid an bhunábhair tús-bhliana agus má laghdaitear freisin an táirgeadh i rith na bliana conas is féidir, ag an am céanna, luach na dtoradh a bheith chomh mór ag deireadh na bliana sin agus a bhí sé cheana?

Tagann freagra chun m'aigne ar an bpointe agus is é sin ardú pá. Míniú ar chuid de is ea é sin ach nílim á tabhairt sin anois mar fhreagra ar an gceist. Déanfaidh mé machtnamh ar an gceist sin. Níor mhaith liom gan tagairt a dhéanamh dí ar eagla go gceapfadh an Teachta a chuir an cheist chugam go bhfuilim beag-beann air: níl.

Do thagair gach Teachta a labhair so diospóireacht seo don deontas £5 do leanaí scoile atá ina gcónaí sa Ghaeltacht agus don laghdú atá air. Le blianta anuas is é an méid a bhí á íoc amach gach bliain ná £48,000 agus fágadh £51,000 sa Mheastachán— seans, is dócha, go raibh na hoifigí ag súil go mbeadh méadú ar bhealach éigin ar an gcaiteachas sin agus b'fhéidir gurb í sin cúis na leisce é a laghdú roimhe seo.

I mbliana, tá an méid á laghdú againn anuas go dtí an méid a bhí á íoc gach blian le blianta beaga anuas agus sin é an chúis leis an laghdú. Ní raibh aon laghdú thar an gcoiteann ar líon na ndaoine sa Ghaeltacht thar mar a bhí le blianta anuas. Níl aon ghá le himní i dtaobh an laghdaithe sa Mheastachán.

Dúradh freisin go bhfuil méadú sa soláthar le haghaidh deontas tithe agus nach comhartha é sin gur cóir go mbeadh méadú in uimhir na dtithe a soláthrófai. Faoi mar a tháinig na hiarratais isteach tá chuile sheans ann go mbeidh méadú mór ar an méid airgid a bhéas le híoc amach i mbliana agus sa bhliain seo chugainn. Tógann sé dhá bhliain mar meántréimhse ón am a fhaightear iarratas go dtí go n-íoctar amach an deontas. Sin í an chúis go gceapaimid gur gá an méadú sa soláthar seo i mbliana.

Maidir le teas ins na tithe gloine sílim nach bhfuil aon rud ag baint leis a chuirfidh ar mo chumas breis eolais a thabhairt don Dáil mar gheall air. Ceist nua í seo agus tá sé rud beag ró-luath mórán a rá mar gheall air faoi lathair. Ar chuma ar bith tuigeann na Teachtaí an cuspóir atá romhainn ina dtaobh, is é sin, go mbeadh séasúr níos faide ag na daoine a bhfuil tithe gloine acu agus go mbeadh sé ar a gcumas sa gheimhreadh glasraí eile a fhás iontu chomh maith le trátaí sa samhradh.

Maidir le scéim na muc, tugadh an méid seo cráin amach:—I nDún na Gall 15; i Maigh Eo 58; i nGaillimh 65; i gCiarraigh 61.

Cuireadh an cheist chugam: cén fáth go mbíonn muir-oibreacha mar chúram ar Roinn na Gaeltachta nuair atá oibleagáid agus dualgas ar Oifig na nOibreacha Poiblí an réamh-obair, agus go minic an obair féin, a dhéanamh ina dtaobh. Más muir-obair í a bhaineas le hiascaireacht tagann an cheist faoi bhráid an Aire Iascaigh. Más muir-obair í a bhaineas le talmhaíocht—cuirim i gcás gaineamh a thabhairt i dtír nó feamainn—cuirtear an cheist faoi bhráid an Aire Talmhaíochta an fiú an méid airgid a mholtar a chaitheamh air. Tá seans, scaiti, ann go dtiocfadh an cheist fé bhráid, fiú, an Aire Tionscail agus Tráchtála. Pé ar bith é, pé seirbhís a mbaineann an obair léi cuirtear faoina bráid í. Cuirtear an cheist ar an údarás sin más fiú é an tairiscint a chur chun cinn. Má tá sé suite sa Ghaeltacht agus más rud é nach mbaineann an togra le haon cheann de na húdaráis seo fé leith, tagann Aire na Gaeltachta isteach agus tugann sé freagra mar gheall air. Sin é an fáth go bhfuil baint agam anois is arís leis na hoibreacha mara seo.

Dúradh i dtaobh Gaeltarra Éireann —agus cheap mé go raibh mé réidh leis—go raibh mé ag dul ar ais go "civil service control". Nuair a d'éirigh an Cathaoirleach as an gcathaoirleacht b'éigean domsa, ar ndóigh, dúine nua a cheapad gan mórán moille. Tá sé deacair duine feiliúnach a fháil le haghaidh an phoist sin. Dá bhrí sin, ní fhéadfainn an post a fhágáil folamh ar feadh i bhfad. Céard a rinne mé? Bhí baint fhada ag Rúnaí Roinn na Gaeltachta le seirbhísí na Gaeltachta agus bhí sé ann nuair a tháinig an Bord nua isteach. Shíleas gurb eisean an duine ba fheiliunaí a d'fhéadfainn a fháil agus sin é an fáth gur chuireas isteach sa phost é go sealadach.

Seo é mo fhreagra ar "civil service hack":—níl san gCathaoirleach ach duine amháin. Níl aige ach an t-aon vóta amháin. Tá ceathrar eile ann agus ní Státseirbhísigh iad. Níl aon chumhacht ag an duine amháin sín atá ina Státseirbhíseach cé go bhfuil sé ina Chathaoirleach ar an gceathrar eile. Níl mise mar Aire ag iarraidh aon "sleamhnú-as" a dhéanamh maidir leis na dualgais atá leagtha orm faoin Acht um Thionscail na Gaeltachta le neamhspleachas a thabhairt do thionscail na Gaeltachta a bhí ann roimhe seo faoi stiúrú na Státseirbhíse.

Ó rinne mé tagairt don scéal seo, ba mhaith liom anois tuairim phearsanta a nochtadh i dtaobh an ruda. Dá mbeadh an chumhacht chéanna ag an sean-dream a bhí ann sular cuireadh an Bord seo ar siúl, tá mé ag ceapadh go ndéanfaidís níos fearr ná mar a rinneadar faoi "cheangal". Dá mbeadh oiread saoirse acu agus atá ag an mBord seo, ní dóigh liom go mbeadh na lochtaí a fritheadh orthu le caitheamh ina leith.

Níl a fhios agam ar fhág mé aon duine amach as mo chuid freagraí. Ar aon chaoi, ba mhaith liom freagra a thabhairt ar an gclamhsán a rinneadh faoin mhoill i dtaobh freastal ar iarratais tithíochta san Iarthar. Le tamall anuas táimid ag iarraidh cigire nua a fháil, ach táimid i muinín Choimisinéirí na Státseirbhíse chuige sin. Ceapadh duine cheana ach níor ghlac sé leis an bpost. Táimid ag fanacht le scéala ó na Coimisinéirí agus béimid á bpriocadh go dtí go dtabharfaidh siad an cigire sin dúinn. Nuair a gheobhaimid é tá chuile dhóchas agam nach mbeidh aon chlamhsán i dtaobh moill ar iarratais ón Iarthar.

Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh do na scoláireachtaí agus na nithe a bhaineas le Gaeilge. Sin é an t-aon fháth amháin go bhfuil Roinn na Gaeltachta ann. Is é an bhrí atá le "Gaeltacht" ná an teanga, ar ndóigh. Mura mbeadh sé sin mar chuspóir againn, maille le gach a bhfuil ar siúl againn chun leas geilleagrach na Gaeltachta a dhéanamh, ní bheadh ach feall á dhéanamh againn.

Mar dhuine amháin, leagaim an bhéim is mó ar an oideachas agus tá airgead ar fáil sa Mheastachán le na aghaidh. Thug mé cúntas ar an chúnamh airgid is féidir leis an Roinn a thabhairt do dhaoine atá sásta meánscoileanna a bhunú sa Ghaeltacht. Sin é an spreagadh cúnamh is tábhachtaí, dar liomsa, is feidir leis an Roinn seo a thabhairt don Ghaeltacht. Tá, cheana, meánscoileanna bunaithe sa Ghaeltacht, i nDún na nGall, i Maigh Eo, i nGaillimh, i gCiarraí, i gCorcaigh agus i Rinn ó gCuanach, i bPort Láirge.

Rinneadh tagairt don imirce. Nílim á rá gur féidir linn, de bhárr a bhfuil á dhéanamh agus a bhéas á dhéanamh againn amach anseo, muintir na Gaeltachto a choinneáil sa Ghaeltacht.

Is é an cuspóir atá agamsa mar dhuine amháin, ar ndóigh, má caithfidh siad imeacht as an nGaeltacht agus má fhanann siad in Eirinn nó má théann siad go Sasana nó go Meiriceá go mbeidh siad i bhfad níos oilte le obair níos fearr, fostaíocht níos feiliúnaí a fháil sna tíortha sin ná mar atá siad cheal meán-scolaíochta. I ngeall air sin, is é mo thuairm go bhfuil ceist na meán-scolaíochta thar a bheith tábhachtach.

Ba mhaith liom i ngeall leis an gceist seo mo mheas ar chomh-oibriú an Aire Oideachais agus na Roinne Oideachais a chur in iúl. Tá siad thar a bheith go maith nuair a iarraimid cúnamh orthu agus is iad, ar ndoigh, an t-údarás oideachais, agus ní muide. Tá muide i Roinn na Gaeltachta ag brath orthu chun cabhrú linn meánoideachas a fhorbairt san Fhíor-Ghaeltacht.

Anois ba mhaith liom a rá le Teachtaí a cheapann go bhfuil faillí á déanamh ar áiteanna sa Ghaeltacht dul síos sa Leabharlann agus féachaint ar léarscáil na Gaeltachta. Ní mise a tharraing amach í. Mura bhfuil aon cheantar a bhfuil spéis acu ann, mura bhfuil sé taobh istigh de theorainn na Gaeltachta mar atá sin línithe ar an léarscáil sin, tá sé fánach acu teacht ag iarraidh cabhrach ormsa.

Ar aon chaoi, beidh muid ag súil de bharr na suime sa bhreis atá sa Ghaeilge anois go mbeidh an Ghaeltacht féin á leathnú amach de réir a chéile agus níor cheart dom gan mo bhuíochas a ghabháil le dreamanna airithe. Tá sé luaite ins an ráiteas a léigh mé amach aréir ach tá sé roinnt bheag foirmiúil. Ba mhaith liom ó mo chroí amach mo bhuíochas a ghabháil leis na dreamanna agus leis na daoine atá ag caitheamh a ndúthracht agus a ndíchill ar an gceist seo agus a chur in iúl dóibh—leithéid Chumann Lúth-Chleas Gael, Comhaltas Uladh, Gael-Linn—tá seans na gcuimhním orthu ar fad. Pér bith áit a bhfuil siad, ba mhaith liom a chur in iúl dóibh go bhfuil meas ag Roinn na Gaeltachta agus ag an Rialtas ar a ndúthracht. Gan an dúthracht sin, is beag a d'féadfadh Rialtas nó Roinn Gaeltachta ar bith a dhéanamh ar mhaithe le sábháil agus le leathnú amach na Gaeilge. Is orthu sin atá an cheist ag brath agus ba mhaith liom a rá leis na daoine sa Ghalltacht, ar ndóigh, gur orthu sin sa deireadh thiar atá sábháil na Gaeltachta ag brath. Is minic a dúradh liomsa sa Ghaeltacht i gConamara faoin gceist seo nuair a deirinn leo gur chuala mé daoine ag clamhsán go raibh siad, muintir na Gaeltachta, faillíoch sa Ghaeltacht dá bhfeiceadh stróinséir postaer thuas i mBéarla nó ag cleachtadh na Béarlóireachta le páistí, go gceapfadh an stróinséir go raibh an Ghaeilge ag meath agus go raibh na daoine ag tabhairt droim láimhe leis an nGaeilge. Ar an gcaint sin, freagraíonn muintir na Gaeltachta:—"Abair le muintir na Galltachta go bhfuilimid sásta an Ghaeilge a choinneáil mar beo-theangain chomh fada is atá muide sásta san Ghaeltacht go bhfuil muintir na Galltachta dáiríre i dtaobh sábháil agus leathnú na Gaeilge; ach dá mbrúfaí isteach ar inntinn muintir na Gaeltachta nach bhfuil muintir na Galltachta ach ag mugadh magadh faoi cheist seo na Gaeilge, an lá san, tabharfaimid freisin, muintir na Gaeltachta, droimláimhe leis an nGaeilge faoi mar a thug siadsan roimhe seo." Cé thógfadh orthu é? Tá siad suite sna háiteacha is iargcúlta agus is boichte agus, ar ndóigh, teastaíonn Béarla uathu agus is é dualgas atá orainn Béarla a mhúineadh go maith dóibh.

Is féidir liomsa a rá go bhfuil Béarla á mhúineadh go maith, go héifeachtach agus go hinniúl do pháistí na Gaeltachta. Chonaic mé le mo linnse mar Theachta Dála athrú mór amháin ar an scéal. Nuair tháinig mise isteach i 1932 is beag duine ón nGaeltacht a bhí in ann litir mhaith a scríobh chugam i mBéarla nó i nGaeilge. Is amhlaidh go bhféadaidís litir a scríobh i ndrochBhéarla mar ní raibh aon Ghaeilge ag a bhformhór agus iad ar scoil. Ach anois má fhaigheann tú litir i mBéarla nó i nGaeilge is féidir bheith cinnte gur Béarla maith nó Gaeilge mhaith a bhéas inti. Sin athrú mór ar oideachas na Gaeltachta le fiche bliain anuas. Tuigeann na daoine sa Ghaeltacht go bhfuil an córas oideachais atá ann feiliúnach dóibh, chomh fada agus a théann sé.

Níl mise sásta gur ceart, as seo amach, iad a fhágáil taobh le bunoideachais amháin. Tá chuile cheart acu atá ag muintir na mbailte móra meán-scolaíocht a bheith acu as seo amach. Nach bhfuil sé le feiceáil anois, cuirim i gcás ins na grádanna ísle ins an Státseirbhís, go bhfuil meán-oideachas ag teastáil le dul isteach ansin? Má tá cailín ag iarraidh dul isteach mar probationer in ospidéal caithfidh meán-scolaíocht a bheith aici. Ní fheicim anois aon fhostaíocht dena postanna siúd fágtha ag lucht bunscoile ach amháin an Garda Síochána. Más mar sin atá an scéal, caithfimid iad a oiliúint agus a ullmhú i gcóir an tsaoil atá ann.

Sin é an fáth go ndúirt mé go bhfuil níos mó spéise agam sa cheist seo ná in aon cheist eile. Dá fheabhas iad na scéimeanna eile—agus tá meas agam ar gach uile cheann de na scéimeanna tá luaite agam sa ráiteas seo— san am chéanna, chomh fada is atá na Gaeltachtaí is mó a bhfuil eolas agamsa orthu is gceist, ní bheidh tairbhe cheart uathu mura mbeidh dúshraith cheart oideachais faoina mbun.

Rinneadh tagairt don chaillteanas i nGaeltarra Éireann, £82,000 a bhí mar chaillteanas ann i gcóir na bliana dar críoch an Márta seo caite. Nílim sásta leis sin; b'fhéidir go fhuil mé abhfad níos míshásta ná mar atá an Teachta Mac Loingsigh, ach chuir mé ceist ar na hoifigigh, agus ar oifigigh na Roinne Leasa Shoisialaigh, faoin gceist seo. Murach na tionscal go mbaineann an caillteanas £82,000 seo leis, bheadh idir £100,000 agus £130,000 á íoc amach ar chúnamh díomhaointis nó mar árachas, agus sin é an fáth is mó atá againn leis na tionscail seo a choinneáil ag imeacht, ar ais nó ar éigean. Ní aontaím leis an Teachta Ó Cuagáin ina thaobh sin. Ní hamhlaidh atá an scéal mar a deir sé: luaigh sé an ráta is lú, £1 5s. 0d. sa tseachtain, ach níl ansin ach obair pháirt-aimsireach. Níl aon duine atá lán-fhostaithe ag fáil suim chomh híseal sin. Cibé scéal é nílim sásta leis an ráta.

Chualas an freagra sin sa Teach seo cheana.

Sin iad an aicme is ísle agus níl siad lán-aimsearach. Tá muinín agam, faoi mar a dúirt an Teachta Mac Loingsigh, as forás na margaí thar lear, i leith bréidín go háirithe. Táim ag súil go mbeidh an scéal i bhfad níos fear an bhliain seo chugainn.

Maidir leis an Roinn í féin, beimid sásta éisteacht le daoine a chuireann scéimeanna suas. Dá amaidí na scéimeanna, éisteoimid leo, agus más féidir linn leas ar bith a fháil uathu chun dul i gcabhair ar na daoine a bhfuil an chabhair sin tuillte acu, féachfaimid le feidhm a bhaint astu.

Ba mhaith liom anois mo bhuíochas a ghlacadh leis na cainteóirí as chomh tuisceanach is a bhí siad i mbliana i dtaobh na seirbhísí a bhfuil a gcúram ormsa.

May I ask the Minister a few questions? While I appreciate very fully the Minister's difficulty in getting a full explanation of the trading account of Gaeltarra Éireann for the year 1958/59, I am grateful to him for his undertaking to reconsider the matter but I should like to know within what period of time he hopes to have an explanation so as to save a series of Parliamentary Questions and a possible motion to discuss the matter. Secondly, within what period of time does he hope to have a fulltime, outside chairman of the board, because he will agree, I am sure, that the person who was managing director of this board which lost £40,000 in one year is thoroughly unsuitable and incompetent to be chairman of a board and to guide its destinies?

I noticed in the Minister's speech the following: "There are firms in the country in a position to provide prefabricated chalets at a reasonable price which the Department will accept or, if the applicants prefer it, the Department has available prepared plans for the building of chalets of the traditional type." I put it to the Minister that he should consider the inadvisability of erecting such chalets as pre-fabs in the West because of the storms that prevail there. He should encourage them to erect another type of chalet.

I should like to ask the Minister if there is any scheme in existence to facilitate the sale of the progeny of the 50 sows that were issued under Scéim na Muc. What provision is there for facilitating people to sell these sows? Secondly, has the Minister's Department any active interest in the scheme for blasting rocks which was operated under the land project in Connemara, and is that scheme still proceeding?

I dtaobh an cheist a chuir an Teachta Mac Loingsigh, is dócha gurb é atá uaidh ná fáisnéis i dtaobh an laghdú áirithe a tharla.

Pádraig Mac Loingsigh

An cheist uilig, an cuntas uilig.

Ní féidir liom freagra a thabhairt ar an Teachta anois.

Pádraig Mac Loingsigh

Tuigim é sin.

I dtaobh na seallaí réamhdhéanta, táim ar aon intinn leis an Teachta Ó Cuagáin. Dá ndéanfadh muintir na Gaeltachta na seallaí as na hábhair atá in aice láimhe b'amhlaidh ab fhearr, ach tá a fhios aige, ar nós gach duine eile sa tír go mbíonn fear na Gaeltachta ag iarraidh an ru a beith aige ar an gcaiteachas is lú, agus más féidir leis sealla réamhdhéanta a bheith aige ar níos lú caiteachas ná an ceann a dhéanfadh sé ar an gnáth nós, bheadh sé andeacair ag an Teachta Ó Cuagáin nó mé féin é a stopadh, ach is feidir a rá gurb é mo chlaonadh féin bheith ar aon intinn leis an Teachta.

Maidir leis an gceist a thóg an Teachta Ó Dioliún i dtaobh toradh na gcránach muice a chur ar an margadh, caithfidh mé a admháil nach raibh eolas agam ar aon scéal den sórt sin. Is cosúil, ar ndóigh, go mbeadh oifigigh de chuid na Roinne sásta cuidiú le muintir na Gaeltachta i dtaobh fadhb ar bith a bheadh ag baint le muca, nó le bainbh, nó le aon cheo eile, a réiteach. Ní féidir liom mion-fhreagra a thabhairt ar an gceist ach geallaim go rachaidh mé isteach sa scéal.

Maidir le pléascadh carraigeacha i gConamara, ní bhaineann sé sin linne, cé go bhfuil láimh isteach, mar a déarfá, ag Roinn na Gaeltachta i rud ar bith a bhaineann leis an nGaeltacht, go mór mhór nuair nach bhfuil baint ag aon Roinn eile leis. Bheadh an cheist seo rud beag mór do Roinn na Gaeltachta, ag féachaint don bheag-líon daoine atá ag obair sa Roinn. Is Roinn an-bheag í agus ní bheadh an fhoireann againn le scéim den tsórt sin a ghlacadh ar lámha. Ach má ghlacann daoine eile leis, geobhaidh siad cabhair éigin ón Roinn, nó déanfaidh an Roinn scrúdú ar an gceist.

Tairaingíodh siar an tairiscint faoi chead.

Aontaíodh leis an Vóta.

Top
Share