Ba mhaith liom a rá i dtosach gur thaithnigh liom thar cionn blas, bealach agus béasacht na díospóireachta atá cloiste agam aréir agus ar maidin agus an dea-thoil agus an dea-sprid a thaispeáin na daoine a labhair. An príomh-ábhar clamhsáin a bhí ag duine amháin—nílim á shéanadh go bhfuil bunús leis an gclamhsán—bhain sé le cuntas trádála Ghaeltarra Éireann. Dob é sin an rud ba mhó a luadh aréir ag an Teachta Mac Loingsigh. Deirim an méid seo leis agus le Bord Ghaeltarra Éireann freisin: níl mise sásta le toradh an Bhoird ach ní hé sin le rá nach gceapaim go bhfuil sé i ndán don Bhord sin an scéal a leigheas. Tuigim go rí-mhaith nuair a thagann bord nua isteach agus nuair a thagann foireann as an nua ar fad isteach agus go nglantar amach na seandaoine a bhí cleachta ar an obair, go mbíonn cúlú, agus má bhí cúlú ins an chás seo sin í an chúis atá leis. Chuile sheans go dtabharfadh sé sin ar an Teachta fiafraí: Tuige a ndearnadh amhlaidh? Tuige a ndearnadh an glanadh iomlán sin as Seirbhísí na Gaeltachta? Is féidir a rá gur tugadh breithiúnas ar an gceist seo i bprionsabal ag an Rialtas a bhí ann cheana, mar dúirt an Teachta Mac Loingsigh aréir, agus glacadh leis an gcinneadh sin ag an Rialtas a tháinig isteach ina ndiaidh agus cuireadh bord neamhspleach ar bun.
Cé go bhfuil cead ag Aire na Gaeltachta dul chuig an mBord agus chuile thuairisc agus chuile eolas a thóraíocht orthu, ní dóigh liom gur maith an rud don Bhord an chumhacht sin a chur in úsáid an iomarca go mór-mhór ós rud é gur bord nua é. Táimse thar a bheith cúramach i dtaobh dul ag tóraíocht an iomarca eolais róluath ar an mbord nua. Tar éis an méid sin a bheith ráite agam, is é mo leithscéal do na Teachtaí a labhair nach bhfuil mé ag dul isteach go mion ar an ócáid seo i gcúiseanna na gclamhsán a rinneadar i dtaobh rudaí áirithe a bhaineas le Gaeltarra Éireann don bhliain 1958/59.
Chuir an Teachta Mac Loingsigh ceist orm agus táim ag ceapadh go bhfuil teideal aige freagra a fháil uaim comh cruinn beacht agus is féidir liomsa sin a thabhairt: Tuige ar éirigh an chéad Chathaoirleach a bhí ar Bhord Ghaeltarra Éireann as an gCathaoirleacht? Nuair a chuir sé litir chugam ag éirí as an bpost chuir mise an cheist cheanann céanna air agus dúirt sé liom: "Níl mé sásta níos mó a rá leat mar Aire na Gaeltachta ná a chur in iúl duit go bhfuil mé ag éirí as an gcathaoirleacht agus caithfidh tú bheith sásta leis sin." Mura bhfaigheann tú go hoifigiúil an fáth ar éirigh duine as a phost ní dóigh liom gur ceart do Aire Stáit chuile eolas a thabhairt atá aige den dara láimh. Caithfidh mé a rá mar sin don Teachta Mac Loingsigh nach bhfuil an teolas sin agam.
Mar a dúirt mé nílim ag dul isteach go mion i gcúrsaí Bhord Ghaeltarra Éireann ar an ócáid seo ach dúradh —agus táim á cheapadh go bhfuil dualgas orm tagairt a dhéanamh dó— gur fostaíodh an chuid is mó den fhoireann nua atá ag Bord Ghaeltarra Éireann as football club éigin anseo i mBaile Átha Cliath. Níl fhios agam an fíor nó bréag é sin ach ní hé sin an pointe. Ní locht ar bith ar dhuine a bhfuil baint aige le football club post ar bith d'fháil, fiú amháin má tá sé ag iarraidh bheith ina Theachta Dála, ach sé an rud gur chóir dom tagairt a dhéanamh dó gur cuireadh i leith Rúnaí Roinn na Gaeltachta gurb eisean ba chiontach leis an scéal a bheith amhlaidh chomh fada agus a bhí sé amhlaidh.
Séanaim anois go hoifigiúil agus go húdarásach gur fíor é sin. Ní raibh aon pháirt nó láimh ag Aire na Roinne ins na poist a líonadh ar an bhfoireann nua de Gaeltarra Éireann. Má tá locht le fáil ar an bhfoireann nua sin is é an bord agallaimh a cheap Bord Ghaeltarra Éireann chuige sin atá ciontach. Tá fhios agam cé hiad. Bhí ceathrar acu ann. Is féidir liom a rá leis an Dáil nach raibh Rúnaí na Roinne ar dhuine acu.
Mar sin, fágfaidh mé Gaeltarra Éireann ar an ócáid seo gan a thuilleadh a rá mar gheall air. Is eol dom go bhfuil roinnt ceisteanna tábhachtacha ach níl mé sá eolasach ar cheann amháin acu chun freagra a thabhairt anois. Tá sí roinnt bheag teicniúil:— Má laghdaítear méid an bhunábhair tús-bhliana agus má laghdaitear freisin an táirgeadh i rith na bliana conas is féidir, ag an am céanna, luach na dtoradh a bheith chomh mór ag deireadh na bliana sin agus a bhí sé cheana?
Tagann freagra chun m'aigne ar an bpointe agus is é sin ardú pá. Míniú ar chuid de is ea é sin ach nílim á tabhairt sin anois mar fhreagra ar an gceist. Déanfaidh mé machtnamh ar an gceist sin. Níor mhaith liom gan tagairt a dhéanamh dí ar eagla go gceapfadh an Teachta a chuir an cheist chugam go bhfuilim beag-beann air: níl.
Do thagair gach Teachta a labhair so diospóireacht seo don deontas £5 do leanaí scoile atá ina gcónaí sa Ghaeltacht agus don laghdú atá air. Le blianta anuas is é an méid a bhí á íoc amach gach bliain ná £48,000 agus fágadh £51,000 sa Mheastachán— seans, is dócha, go raibh na hoifigí ag súil go mbeadh méadú ar bhealach éigin ar an gcaiteachas sin agus b'fhéidir gurb í sin cúis na leisce é a laghdú roimhe seo.
I mbliana, tá an méid á laghdú againn anuas go dtí an méid a bhí á íoc gach blian le blianta beaga anuas agus sin é an chúis leis an laghdú. Ní raibh aon laghdú thar an gcoiteann ar líon na ndaoine sa Ghaeltacht thar mar a bhí le blianta anuas. Níl aon ghá le himní i dtaobh an laghdaithe sa Mheastachán.
Dúradh freisin go bhfuil méadú sa soláthar le haghaidh deontas tithe agus nach comhartha é sin gur cóir go mbeadh méadú in uimhir na dtithe a soláthrófai. Faoi mar a tháinig na hiarratais isteach tá chuile sheans ann go mbeidh méadú mór ar an méid airgid a bhéas le híoc amach i mbliana agus sa bhliain seo chugainn. Tógann sé dhá bhliain mar meántréimhse ón am a fhaightear iarratas go dtí go n-íoctar amach an deontas. Sin í an chúis go gceapaimid gur gá an méadú sa soláthar seo i mbliana.
Maidir le teas ins na tithe gloine sílim nach bhfuil aon rud ag baint leis a chuirfidh ar mo chumas breis eolais a thabhairt don Dáil mar gheall air. Ceist nua í seo agus tá sé rud beag ró-luath mórán a rá mar gheall air faoi lathair. Ar chuma ar bith tuigeann na Teachtaí an cuspóir atá romhainn ina dtaobh, is é sin, go mbeadh séasúr níos faide ag na daoine a bhfuil tithe gloine acu agus go mbeadh sé ar a gcumas sa gheimhreadh glasraí eile a fhás iontu chomh maith le trátaí sa samhradh.
Maidir le scéim na muc, tugadh an méid seo cráin amach:—I nDún na Gall 15; i Maigh Eo 58; i nGaillimh 65; i gCiarraigh 61.
Cuireadh an cheist chugam: cén fáth go mbíonn muir-oibreacha mar chúram ar Roinn na Gaeltachta nuair atá oibleagáid agus dualgas ar Oifig na nOibreacha Poiblí an réamh-obair, agus go minic an obair féin, a dhéanamh ina dtaobh. Más muir-obair í a bhaineas le hiascaireacht tagann an cheist faoi bhráid an Aire Iascaigh. Más muir-obair í a bhaineas le talmhaíocht—cuirim i gcás gaineamh a thabhairt i dtír nó feamainn—cuirtear an cheist faoi bhráid an Aire Talmhaíochta an fiú an méid airgid a mholtar a chaitheamh air. Tá seans, scaiti, ann go dtiocfadh an cheist fé bhráid, fiú, an Aire Tionscail agus Tráchtála. Pé ar bith é, pé seirbhís a mbaineann an obair léi cuirtear faoina bráid í. Cuirtear an cheist ar an údarás sin más fiú é an tairiscint a chur chun cinn. Má tá sé suite sa Ghaeltacht agus más rud é nach mbaineann an togra le haon cheann de na húdaráis seo fé leith, tagann Aire na Gaeltachta isteach agus tugann sé freagra mar gheall air. Sin é an fáth go bhfuil baint agam anois is arís leis na hoibreacha mara seo.
Dúradh i dtaobh Gaeltarra Éireann —agus cheap mé go raibh mé réidh leis—go raibh mé ag dul ar ais go "civil service control". Nuair a d'éirigh an Cathaoirleach as an gcathaoirleacht b'éigean domsa, ar ndóigh, dúine nua a cheapad gan mórán moille. Tá sé deacair duine feiliúnach a fháil le haghaidh an phoist sin. Dá bhrí sin, ní fhéadfainn an post a fhágáil folamh ar feadh i bhfad. Céard a rinne mé? Bhí baint fhada ag Rúnaí Roinn na Gaeltachta le seirbhísí na Gaeltachta agus bhí sé ann nuair a tháinig an Bord nua isteach. Shíleas gurb eisean an duine ba fheiliunaí a d'fhéadfainn a fháil agus sin é an fáth gur chuireas isteach sa phost é go sealadach.
Seo é mo fhreagra ar "civil service hack":—níl san gCathaoirleach ach duine amháin. Níl aige ach an t-aon vóta amháin. Tá ceathrar eile ann agus ní Státseirbhísigh iad. Níl aon chumhacht ag an duine amháin sín atá ina Státseirbhíseach cé go bhfuil sé ina Chathaoirleach ar an gceathrar eile. Níl mise mar Aire ag iarraidh aon "sleamhnú-as" a dhéanamh maidir leis na dualgais atá leagtha orm faoin Acht um Thionscail na Gaeltachta le neamhspleachas a thabhairt do thionscail na Gaeltachta a bhí ann roimhe seo faoi stiúrú na Státseirbhíse.
Ó rinne mé tagairt don scéal seo, ba mhaith liom anois tuairim phearsanta a nochtadh i dtaobh an ruda. Dá mbeadh an chumhacht chéanna ag an sean-dream a bhí ann sular cuireadh an Bord seo ar siúl, tá mé ag ceapadh go ndéanfaidís níos fearr ná mar a rinneadar faoi "cheangal". Dá mbeadh oiread saoirse acu agus atá ag an mBord seo, ní dóigh liom go mbeadh na lochtaí a fritheadh orthu le caitheamh ina leith.
Níl a fhios agam ar fhág mé aon duine amach as mo chuid freagraí. Ar aon chaoi, ba mhaith liom freagra a thabhairt ar an gclamhsán a rinneadh faoin mhoill i dtaobh freastal ar iarratais tithíochta san Iarthar. Le tamall anuas táimid ag iarraidh cigire nua a fháil, ach táimid i muinín Choimisinéirí na Státseirbhíse chuige sin. Ceapadh duine cheana ach níor ghlac sé leis an bpost. Táimid ag fanacht le scéala ó na Coimisinéirí agus béimid á bpriocadh go dtí go dtabharfaidh siad an cigire sin dúinn. Nuair a gheobhaimid é tá chuile dhóchas agam nach mbeidh aon chlamhsán i dtaobh moill ar iarratais ón Iarthar.
Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh do na scoláireachtaí agus na nithe a bhaineas le Gaeilge. Sin é an t-aon fháth amháin go bhfuil Roinn na Gaeltachta ann. Is é an bhrí atá le "Gaeltacht" ná an teanga, ar ndóigh. Mura mbeadh sé sin mar chuspóir againn, maille le gach a bhfuil ar siúl againn chun leas geilleagrach na Gaeltachta a dhéanamh, ní bheadh ach feall á dhéanamh againn.
Mar dhuine amháin, leagaim an bhéim is mó ar an oideachas agus tá airgead ar fáil sa Mheastachán le na aghaidh. Thug mé cúntas ar an chúnamh airgid is féidir leis an Roinn a thabhairt do dhaoine atá sásta meánscoileanna a bhunú sa Ghaeltacht. Sin é an spreagadh cúnamh is tábhachtaí, dar liomsa, is feidir leis an Roinn seo a thabhairt don Ghaeltacht. Tá, cheana, meánscoileanna bunaithe sa Ghaeltacht, i nDún na nGall, i Maigh Eo, i nGaillimh, i gCiarraí, i gCorcaigh agus i Rinn ó gCuanach, i bPort Láirge.
Rinneadh tagairt don imirce. Nílim á rá gur féidir linn, de bhárr a bhfuil á dhéanamh agus a bhéas á dhéanamh againn amach anseo, muintir na Gaeltachto a choinneáil sa Ghaeltacht.
Is é an cuspóir atá agamsa mar dhuine amháin, ar ndóigh, má caithfidh siad imeacht as an nGaeltacht agus má fhanann siad in Eirinn nó má théann siad go Sasana nó go Meiriceá go mbeidh siad i bhfad níos oilte le obair níos fearr, fostaíocht níos feiliúnaí a fháil sna tíortha sin ná mar atá siad cheal meán-scolaíochta. I ngeall air sin, is é mo thuairm go bhfuil ceist na meán-scolaíochta thar a bheith tábhachtach.
Ba mhaith liom i ngeall leis an gceist seo mo mheas ar chomh-oibriú an Aire Oideachais agus na Roinne Oideachais a chur in iúl. Tá siad thar a bheith go maith nuair a iarraimid cúnamh orthu agus is iad, ar ndoigh, an t-údarás oideachais, agus ní muide. Tá muide i Roinn na Gaeltachta ag brath orthu chun cabhrú linn meánoideachas a fhorbairt san Fhíor-Ghaeltacht.
Anois ba mhaith liom a rá le Teachtaí a cheapann go bhfuil faillí á déanamh ar áiteanna sa Ghaeltacht dul síos sa Leabharlann agus féachaint ar léarscáil na Gaeltachta. Ní mise a tharraing amach í. Mura bhfuil aon cheantar a bhfuil spéis acu ann, mura bhfuil sé taobh istigh de theorainn na Gaeltachta mar atá sin línithe ar an léarscáil sin, tá sé fánach acu teacht ag iarraidh cabhrach ormsa.
Ar aon chaoi, beidh muid ag súil de bharr na suime sa bhreis atá sa Ghaeilge anois go mbeidh an Ghaeltacht féin á leathnú amach de réir a chéile agus níor cheart dom gan mo bhuíochas a ghabháil le dreamanna airithe. Tá sé luaite ins an ráiteas a léigh mé amach aréir ach tá sé roinnt bheag foirmiúil. Ba mhaith liom ó mo chroí amach mo bhuíochas a ghabháil leis na dreamanna agus leis na daoine atá ag caitheamh a ndúthracht agus a ndíchill ar an gceist seo agus a chur in iúl dóibh—leithéid Chumann Lúth-Chleas Gael, Comhaltas Uladh, Gael-Linn—tá seans na gcuimhním orthu ar fad. Pér bith áit a bhfuil siad, ba mhaith liom a chur in iúl dóibh go bhfuil meas ag Roinn na Gaeltachta agus ag an Rialtas ar a ndúthracht. Gan an dúthracht sin, is beag a d'féadfadh Rialtas nó Roinn Gaeltachta ar bith a dhéanamh ar mhaithe le sábháil agus le leathnú amach na Gaeilge. Is orthu sin atá an cheist ag brath agus ba mhaith liom a rá leis na daoine sa Ghalltacht, ar ndóigh, gur orthu sin sa deireadh thiar atá sábháil na Gaeltachta ag brath. Is minic a dúradh liomsa sa Ghaeltacht i gConamara faoin gceist seo nuair a deirinn leo gur chuala mé daoine ag clamhsán go raibh siad, muintir na Gaeltachta, faillíoch sa Ghaeltacht dá bhfeiceadh stróinséir postaer thuas i mBéarla nó ag cleachtadh na Béarlóireachta le páistí, go gceapfadh an stróinséir go raibh an Ghaeilge ag meath agus go raibh na daoine ag tabhairt droim láimhe leis an nGaeilge. Ar an gcaint sin, freagraíonn muintir na Gaeltachta:—"Abair le muintir na Galltachta go bhfuilimid sásta an Ghaeilge a choinneáil mar beo-theangain chomh fada is atá muide sásta san Ghaeltacht go bhfuil muintir na Galltachta dáiríre i dtaobh sábháil agus leathnú na Gaeilge; ach dá mbrúfaí isteach ar inntinn muintir na Gaeltachta nach bhfuil muintir na Galltachta ach ag mugadh magadh faoi cheist seo na Gaeilge, an lá san, tabharfaimid freisin, muintir na Gaeltachta, droimláimhe leis an nGaeilge faoi mar a thug siadsan roimhe seo." Cé thógfadh orthu é? Tá siad suite sna háiteacha is iargcúlta agus is boichte agus, ar ndóigh, teastaíonn Béarla uathu agus is é dualgas atá orainn Béarla a mhúineadh go maith dóibh.
Is féidir liomsa a rá go bhfuil Béarla á mhúineadh go maith, go héifeachtach agus go hinniúl do pháistí na Gaeltachta. Chonaic mé le mo linnse mar Theachta Dála athrú mór amháin ar an scéal. Nuair tháinig mise isteach i 1932 is beag duine ón nGaeltacht a bhí in ann litir mhaith a scríobh chugam i mBéarla nó i nGaeilge. Is amhlaidh go bhféadaidís litir a scríobh i ndrochBhéarla mar ní raibh aon Ghaeilge ag a bhformhór agus iad ar scoil. Ach anois má fhaigheann tú litir i mBéarla nó i nGaeilge is féidir bheith cinnte gur Béarla maith nó Gaeilge mhaith a bhéas inti. Sin athrú mór ar oideachas na Gaeltachta le fiche bliain anuas. Tuigeann na daoine sa Ghaeltacht go bhfuil an córas oideachais atá ann feiliúnach dóibh, chomh fada agus a théann sé.
Níl mise sásta gur ceart, as seo amach, iad a fhágáil taobh le bunoideachais amháin. Tá chuile cheart acu atá ag muintir na mbailte móra meán-scolaíocht a bheith acu as seo amach. Nach bhfuil sé le feiceáil anois, cuirim i gcás ins na grádanna ísle ins an Státseirbhís, go bhfuil meán-oideachas ag teastáil le dul isteach ansin? Má tá cailín ag iarraidh dul isteach mar probationer in ospidéal caithfidh meán-scolaíocht a bheith aici. Ní fheicim anois aon fhostaíocht dena postanna siúd fágtha ag lucht bunscoile ach amháin an Garda Síochána. Más mar sin atá an scéal, caithfimid iad a oiliúint agus a ullmhú i gcóir an tsaoil atá ann.
Sin é an fáth go ndúirt mé go bhfuil níos mó spéise agam sa cheist seo ná in aon cheist eile. Dá fheabhas iad na scéimeanna eile—agus tá meas agam ar gach uile cheann de na scéimeanna tá luaite agam sa ráiteas seo— san am chéanna, chomh fada is atá na Gaeltachtaí is mó a bhfuil eolas agamsa orthu is gceist, ní bheidh tairbhe cheart uathu mura mbeidh dúshraith cheart oideachais faoina mbun.
Rinneadh tagairt don chaillteanas i nGaeltarra Éireann, £82,000 a bhí mar chaillteanas ann i gcóir na bliana dar críoch an Márta seo caite. Nílim sásta leis sin; b'fhéidir go fhuil mé abhfad níos míshásta ná mar atá an Teachta Mac Loingsigh, ach chuir mé ceist ar na hoifigigh, agus ar oifigigh na Roinne Leasa Shoisialaigh, faoin gceist seo. Murach na tionscal go mbaineann an caillteanas £82,000 seo leis, bheadh idir £100,000 agus £130,000 á íoc amach ar chúnamh díomhaointis nó mar árachas, agus sin é an fáth is mó atá againn leis na tionscail seo a choinneáil ag imeacht, ar ais nó ar éigean. Ní aontaím leis an Teachta Ó Cuagáin ina thaobh sin. Ní hamhlaidh atá an scéal mar a deir sé: luaigh sé an ráta is lú, £1 5s. 0d. sa tseachtain, ach níl ansin ach obair pháirt-aimsireach. Níl aon duine atá lán-fhostaithe ag fáil suim chomh híseal sin. Cibé scéal é nílim sásta leis an ráta.