Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 9 May 1961

Vol. 189 No. 1

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Printiseacht Ceirde: Buncháilíocht Oideachais.

22. D'fhiafraí

den Aire Oideachais an inseoidh sé an ndeachaigh an Cheard-Chomhairle ag an Roinn Tionscail agus Tráchtála i gcomhairle leis sular cuireadh amach an litir i mí Márta, 1961, i dtaobh an bhuncháilíocht oideachais a bheidh riachtanach, de réir chinneadh na Comhairle, d'ógánaigh a rachaidh le printíseacht ceirde tar éis an chéad lá de Mheán Fómhair, 1963; agus an inseoidh sé cad ina thaobh go ndearnadh sa ghnó seo neamhshuim d'obair na scoileanna náisiúnta agus de scoláirí na scoileanna sin.

Pádraig Ó hIrighile

Tá oifigeach de mo Roinn ina bhall den Cheard-Chomhairle agus mar sin bím in eolas go buan ar imeachtaí agus beartanna na Ceard-Chomhairle.

Ina leith sin, áfach, ní mór a rá gur dream reachtúil an Cheard-Chomhairle, agus pé socrú ar a gcinneann siad gur dóibh-san, agus nach domsa, cinneadh ar an socrú sin. Ní domsa, ach oiread, a rá cad ina thaobh a gcinneann siad ar aon socrú seachas a chéile.

Ní heol dom go ndearnadh sa ghnó seo neamhshuim d'obair na scoileanna náisiúnta ná de scoláirí na scoileanna sin.

An fios don Aire gur chuir Cathaoirleach an Ceard-Chomhairle litir amach le déanaí do thuismuitheóirí ag cur in iúl doibh, má tá mac leo-san ag dul isteach i gcóir ceirde agus go bhfuil an séú rang ins an scoil naisiúnta á chriochnú aige i mbliana, gur cóir dó an scoil sin d'fhágaint agus dul go dti scoil idir-mheanach nó scoil gairmoideachais? Bhfuil a fhios ag an Aire cad a thárlóidh annsan dos na muinteóirí náisiúnta má leantar leis sin mar pholasaí?

Pádraig Ó hIrighile

De réir an Achta, tá an ceart ag an Ceard-Chomhairle rialacha do leagadh síos mar gheall ar na cailíochtaí oideachais gur cóir bheith ag duine a bheadh ag tosnú ar fhostaíocht phrintíseach. De réir Ailt 25 (2), sul a ndéanfaidh an Ceard-Chomhairle rialacha faoin Alt rachaidh sí i gcomhairle leis an Aire ach ní gá dí comhairle do ghlacadh. Fé mar a dúirt mé, tá an ceart sin aici na cáilíochtaí do leagadh síos agus tá an ceart ag na túismitheoirí an t-eolas san do bheith acu. Táimse ag smaoineamh ar cheartanna na dtúismuitheóirí agus sin é an príomhghné den cheist.

Ar thug an tAire aon chomhairle don CheardChomhairle mar gheall ar an litir a chuir an Cathaoirleach amach ar na buncaillióchtaí oideachais atá ceapthá ag an gCeard-Chomhairle do bhuachaillí óga de 12 go 13 bliain d'aois?

Ní doigh liom go mbaineann sin leis an cheist atá ar an bPáipéir.

Ní bhaineann.

Pádraig Ó hIrighile

Fé mar is léir ón bhfreagra, bhí siad i gcomhairle liomsa, ceart, go léor, ach caithfidh mé ceartanna na dtúismitheóirí a choiméad im aigne agus tá an ceart acu eolas do bheith acu ar na rialacha.

Má tá ceart ag na tuismitheóirí féachaint chuig oideachais na bpáistí nach soiléir é go bhfuil ceard cumann ag tabhairt comhairle do thuismitheoirí atá ag dul i gcoinne an rud a ba mhaith liom a bhéadh mar pholaisí ag an Aire —na scoileanna náisiúnta do choiméad ar bun agus an clár teagaist do scoláire tar éis 12 bliana d'aois ina na scoileanna sin do bheith oiriúnach dos na páistí go léir ionnta.

Sin díospoireacht.

Is abhair díospóireachta í, ceart go leór.

Top
Share