den Aire Tailte cé mhéid acra talún i gContae Luimnigh atá i seilbh Fhó-Roinn na Foraoiseachta; cé mhéid acra díobh sin atá faoi chrainn; agus cé mhéid acra atá gan plandáil fós.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Cúrsaí Foraoiseachta i gContae Luimnigh.
42. D'fhiafraigh
Tá 9,127 acraí talún i seilbh Fó-Roinn na Foraoiseachta i gConntae Luimnigh faoí láthair. As an achar sin, tá 8,097 acraí oiriúnach do Fhoraoiseacht agus i ndeire na bliana 1960/61, do bhí 6,998 acraí faoi chrainn. Tá 637 acraí sa bhreis dá bplanndú i mbliana ag fágaint 462 acraí le planndú fós sa Chonntae.