Tairgim:
Go ndeonófar suim nach mó ná £107,900 chun íoctha an mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1963, le haghaidh ranníocaí do Chomhairle na hEorpa, don Eagras um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta san Eoraip, do na Náisiúin Aontaithe agus do Dhlí-Chomhlachtaí Idir-Rialtasacha, agus le haghaidh costais eile i ndáil leis an gcéanna.