Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 13 Jun 1962

Vol. 196 No. 1

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Deontaisí d'Imeachtaí Cultúrtha agus Sóisialacha sa Ghaeltacht.

82.

asked the Minister for the Gaeltacht if he will give full details of the item Deontais d'Imeachtaí Cultúrtha agus Sóisialacha sa Ghaeltacht (Vote 42, subhead E) in the Estimates for the year 1962-63; and in what way the money voted under this head was spent by his Department in the year 1961-62.

Sé atá sa soláthar faoi Fhomhírcheann E ná an tsuim iomlán a meastar is gá chun freastal ar iarratais ar dheontais i leith imeachtaí cultúrtha agus sóisialta de shaghasanna éagsúla le linn na bliana reatha. Ní fios roimhré cad é saghas, nó méid na n-iarratas sin.

Sa bhliain 1961-62 íocadh iomlán de £724 le ceol-chumainn nó cumainn drámaíochta éagsúla sa Ghaeltacht chun oirnéisí ceoil, taifeadáin reatha nó fearaistí stáitse a cheannach; iomlán de £490 le haghaidh scoláireachtaí Gaeltachta a bronnadh mar dhuaiseanna ag Feiseanna; agus iomlán de £270 chun cabhrú le Féilí Drámaíochta, Feiseanna nó Scoileanna Éigse a reachtáil sa Ghaeltacht.

Top
Share