asked the Minister for the Gaeltacht if he is aware that the majority of weavers in the Ardara District of County Donegal who are on outdoor work are not receiving a fair quota of webs for weaving and will shortly be compelled to migrate; and, if so, if Gaeltarra Éireann will procure more employment for them.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Employment for Donegal Weavers.
Tuigim ó Ghaeltarra Éireann nach raibh ar a gcumas obair lán-aimsireach a chur ar fáil le déanaí le haghaidh na bhfíodóirí uile lasmuigh atá cláraithe leis an mBord i gcomhair fostaíochta. Déanann an Bord iarracht an obair a bhíonn ar fáil ó sheachtain go céile a roinnt chomh cothrom agus is féidir idir na fíodóirí lasmuigh agus fós idir na fíodóirí laistigh agus lasmuigh ag féachaint do na toscaí éagsúla a riarann roinnt na hoibre sin, mar shompla, castacht na ndearthaí atá i gceist, an saghas seoil agus an dáta seachadta atá geallta. Tuigim go bhfuil iarrachtaí ar leith á ndéanamh ag an mBord chun orduithe d'fháil a chuirfeadh ar a gcumas obair lán-aimsireach a chur ar fáil do na fíodóirí ar fad atá cláraithe leo le haghaidh fostaíochta.