Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 5 Nov 1963

Vol. 205 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Conbhinsiúin Comhairle na hEorpa.

8. D'fhiafraigh

den Aire Gnóthaí Eachtracha cad é dearcadh an Rialtais maidir le Tuairim Uimh. 40 (a bhaineann le múineadh agus taighde ar chearta an duine) ar glacadh leis ag an Tionól Comhairleach de Chomhairle na hEorpa ar an 20 Meán Fómhair, 1963; agus cén gníomh atá déanta nó beartaithe ag an Rialtas ina leith.

Tá Coiste na nAirí tar éis a socrú ar Thuairim 40 a chur ar athló go dtí go bhfaighidís meamram ón Ard-Rúnaíocht mar gheall ar cheisteanna airgeadais a bhaineann le roinnt dá beartannaí. Sula mbeidh an t-eolas san ar fáil ní bheidh mé i ndon dearcadh an Rialtais ar an dTuairim a chur in iúl don Teachta.

Top
Share