Tairgim:
Go ndeonfar suim nach mó ná £426,760 chun slánuithe na suime is gá chun íoctha an mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha, i rith na bliana dár críoch an 31 Márta, 1965, le haghaidh Tuarastal agus Costas Roinn na Gaeltachta maille le deontais le haghaidh Tithe agus Ildeontais-i-gCabhair.
Taispeánann an caiteachas a meastar don bhliain reatha ísliú de £9,900 ar an soláthar a rinneadh don bhliain seo caite. Tá ísliú sa soláthar a moltar le haghaidh tithe Gaeltachta, scéimeanna feabhsúcháin agus coláistí Gaeilge ach moltar soláthar breise le haghaidh seirbhísí iompair, taispeántais drámaíochta agus freastal daltaí Gaeltachta ar chúrsaí oiliúna.
Ba mhaith liom beagán a rá faoi na seirbhísí uilig atá á dtabhairt ag an Roinn san ord ina bhfuilid leagtha amach i Leabhar na Meastachán:—
Tá soláthar de £186,000 á dhéanamh faoi Fho-Mhírcheann C le haghaidh deontas faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht). Leagadh amach an tsuim sin de réir méid na ndeontas tithíochta atá ann faoi láthair, agus is cosúil go mbeidh tuilleadh airgid ag teastáil má ardaítear na deontais i mbliana fé mar atá i gceist ag an Roinn.
I rith na bliana airgeadais seo caite, tógadh 183 tithe nua agus cuireadh feabhas ar 317 tithe; cuireadh soláthar uisce ar fáil i 315 tithe agus saoráidí séarachais i 284 tithe; cuireadh seomra folcaidh feistithe ar fáil i 279 tithe agus cuireadh feabhas ar an gcóras sláintíochta in 8 gcásanna; cuireadh méaduithe speisialta le haghaidh cuairteoirí ar fáil i 29 tithe agus críochnaíodh 9 Seallaí Saoire.
Fritheadh 1,889 iarratais ar chúnamh faoi na hAchtanna i rith na bliana.
Suim £45,000 a meastar a caithfear ar scéim na mbóthar sa bhliain 1964-65. Is ionann é sin agus an soláthar a bhí ann don bhliain 1963-64. Leanfar den socrú a cuireadh i bhfeidhm sa bhliain 1963-64 faoinar cuireadh suim £3,000 den soláthar ar fáil le haghaidh na mbóthar ar na hoileáin. De dheasca drochaimsire i ngeimhreadh na bliana 1962-63 fágadh roinnt bóthar gan déanamh sa bhliain airgeadais sin, agus b'éigin tús a thabhairt do na bóithre sin as soláthar na bliana 1963-64. D'fhág sé sin gur cuireadh moill bheag ar an obair ar bhóithre a ceadaíodh don bhliain 1963-64 ach tá gach dícheall á dhéanamh chun na riaráistí sa chlár oibre a ghlanadh. Ba mhaith liom a rá arís nach gcailltear an deontas i leith aon bhóthar ceadaithe má theipeann orainn é a dhéanamh sa bhliain dár ceadaíodh é.
Suim £15,000 a meastar a caithfear sa bhliain 1964-65 ar scéimeanna uisce-sholáthair agus séarachais, is é sin, laghdú £5,000 ar sholáthar na bliana 1963-64. Níor caitheadh ach £4,393 den soláthar sin sa bhliain airgeadais seo caite agus, ós rud é go bhfuil freastal déanta faoin am seo ar chuid mhór de riachtanais na Gaeltachta ó thaobh scéimeanna uiscesholáthair agus séarachais de, ceaptar gur leor an soláthar de £15,000 atá á dhéanamh don bhliain 1964-65. Ní miste dom a mheabhrú do Theachtaí go gciallaíonn an soláthar seo go gcaithfidh na húdaráis áitiúla obair ab'fhiú £60,000 san iomlán a chur i gcrích i rith na bliana sara mbeidís i dteideal deontais £15,000 san iomlán.
Suim £20,000 a meastar a caithfear ar mhion-oibreacha mara sa bhliain 1964-65. Is méadú £2,000 é sin ar an soláthar a bhí ann don bhliain 1963-64. Is é is mó is cúis leis an méadú ná níos mó deontas a bheith ceadaithe ag an Roinn chun saoráidí calaíochta sa Ghaeltacht a fheabhsú. Caitheadh suim £12,064 i bhfoirm deontas faoin Scéim sa bhliain airgeadais seo caite.
Suim £15,500 a meastar a caithfear ar na Scéimeanna seo sa bhliain 1964-65. Is méadú £7,500 é sin ar an soláthar a rinneadh don bhliain 1963-64. Is iad na príomh-chúiseanna atá leis an méadú—
(i) éileamh mór a bheith ann i gcónaí ar an scéim a tionscnaíodh cúpla blian ó shin chun talamh féaraigh sa Ghaeltacht a fheabhsú,
(ii) téarmaí chuid B de Scéim Chonamara de Thionscadal na Talún a bheith leathnaithe go dtí na límistéirí Gaeltachta uilig ón lú Márta, 1963,
(iii) Scéim nua foirgintí feirme a bheith tosnaithe i gcomhar leis an Roinn Talmhaíochta sna limistéirí Gaeltachta,
(iv) iarracht a bheith á dhéanamh chun talamh féaraigh sléibhe sa Ghaeltacht a fheabhsú ar mhaithe le forbairt tionscail na gcaorach, agus
(v) leasú a bheith déanta ar Scéim Maoth-thorthaí na Roinne chun fás glasraí a fhorbairt chomh maith le maoth-thorthaí.
Fé mar atá ráite agam, tá an-éileamh ar an Scéim chun Talamh Féaraigh sa Ghaeltacht a Fheabhsú, agus go dtí seo feabhsaíodh os cionn 2,000 plásán nó beagnach 5,000 acra talún.
I gcás leathnú chuid B de Scéim Chonamara de Thionscadal na Talún, feabhsaíodh tarraingt ar 700 acra sa Ghaeltacht go dtí seo.
Maidir leis an Scéim Foirgintí Feirme don Ghaeltacht, íocann an Roinn deontais Fhoirlíontacha anuas ar na gnáth-dheontais atá le fáil ón Roinn Talmhaíochta d'iarratasóirí cáilithe sna límistéirí Gaeltachta. Cé nár tionscnaíodh an Scéim go dtí Meán Fómhair, 1963, tá an-éileamh uirthi agus cheana féin tá níos mó ná 900 iarratas faighte agus íocadh níos mó ná £7,000 faoin scéim go deireadh Márta seo caite.
Suim £13,000 a meastar a caithfear ar scéim na dTithe Gloine sa bhliain 1964-65. Is laghdú £7,000 é sin ar an soláthar a bhí ann don bhliain 1963-64. I rith na bliana sin cuireadh córais téacháin isteach i 25 tithe i gContae Dhún na nGall ar chostas £12,430 agus fágann sé sin go bhfuil córas téacháin curtha isteach anois i 103 cinn de na 194 tithe ar fad atá tógtha faoin scéim. Maidir leis na tithe gloine a ndearnadh damáiste mór stoirme dóibh i gCois Fharraige agus i dTuar Mhic Éadaigh, tá conradh déanta chun 10 dtithe díobh i gCois Fharraige a atógáil agus tá siad go léir beagnach críochnaithe cheana. Ní raibh na fásóirí eile sa cheantar sin —10 díobh—sásta go dtí seo bheith páirteach a thuilleadh sa scéim. Tá mé ag súil go mbeidh tuilleadh díobh toilteanach teacht arais faoin scéim arís nuair a fheicfidh siad na cinn atógtha. Beidh fáilte dar ndóigh rómpu agus déanfar socruithe chun teach a atógáil d'éinne díobh a iarrfaidh é sin. Caitheadh suim £5,851 anuraidh ar atógáil na dtithe i gCois Fharraige.
Suim £1,250 a meastar a caithfear sa bhliain 1964-65 ar na deontais i leith cránacha agus síolta a dháiltear faoi Scéim na Muc. Is méadú £250 é sin ar an soláthar a bhí ann don bhliain 1963-64 agus is é is mó is cúis leis sin ná cránacha de chaighdeán níos áirde bheith á soláthar. Ó thús na scéime dáileadh tuairim 500 cráin san iomlán agus de réir gach tuairisce d'éirigh go maith lena bhformhór mór.
Tá soláthar £9,000 á dhéanamh i mbliana i bhFo-Mhírcheann E (7) le haghaidh Meánscolaíochta, sé sin, laghdú de £6,000 ar an soláthar a rinneadh anuraidh. Ó cuireadh tús leis an scéim sa bhliain 1958 tógadh nó leathnaíodh 8 meánscoileanna sna limistéirí Gaeltachta le cabhair ón Roinn. Cuireadh deontais os cionn £42,000 san íomlán ar fáil mar chabhair do na meánscoileanna sin.
Tá soláthar £7,500 á dhéanamh i bhFo-Mhírcheann E (8) i mbliana le haghaidh hallaí siamsa. Faoin scéim seo tugtar deontas de 80% den chostas nó £5,000, pé acu is lú, mar chabhair chun halla siamsa a thógáil, a fheabhsú, a leathnú nó a fheistiú. Íocadh deontais arbh fhiú tuairim £21,000 iad san iomlán faoin scéim ó cuireadh tús léi sa bhliain 1960-61 agus fuair 12 hallaí tairbhe na ndeontas sin. Tógadh 3 hallaí nua faoin Scéim agus tá dhá cheann eile á dtógáil faoi láthair. Deisíodh dhá halla agus tugadh cabhair i 5 cásanna eile chun fearaistí éagsúla a cheannach. Cúis áthais dom a fheiscint go bhfuil úsáid á bhaint as an scéim seo ag cuid de na háiteanna is mó tábhacht ó thaobh na Gaeilge, mar shampla, Inis Meán, Inis Thiar, an Cheathrú Rua, an Tulach agus Oileán Toraí. Tá súil agam go mbainfidh muintir na Gaeltachta tuilleadh feidhme as an scéim seo sna blianta atá romhainn.
Déantar soláthar faoi Fho-Mhírcheann F den Mheastachán le haghaidh deontas d'imeachtaí cultúrtha agus sóisialacha—mar shampla, deontais le haghaidh feiseanna, féilte drámaíochta nó d'fhonn scoláireachtaí Gaeltachta a bhronnadh ag feiseanna agus cabhair a thabhairt do choistí áitiúla sa Ghaeltacht chun oirnéisí ceoil, téipthaifeadáin nó a leithéid a cheannach.
D'fhonn cabhrú le daltaí meánscoile sna limistéirí Gaeltachta a mbíonn turasanna fada le déanamh acu i ndáil lena gcuid scolaíochta ceapadh scéim sa bhliain 1961 faoina dtugtar deontais bhliantúla, suas go dtí £500 in aghaidh na scoile, chun cabhrú le húdaráis meánscoile sna limistéirí sin seirbhís iompair a chur ar fáil do dhaltaí lae. Leasaíodh an scéim anuraidh le go bhféadfaí buntáistí na scéime a thabhairt do dhaltaí Gaeltachta a dhéanann freastal ar chúrsaí lae sna gairmscoileanna. Tá soláthar sa scéim freisin faoina bhféadfar teacht i gcabhair i gcásanna áirithe ar dhaltaí ó na limistéirí Gaeltachta a mbíonn orthu freastal ar mheánscoil nó ar ghairmscoil atá gairid dóibh ach nach bhfuil suite sna limistéirí Gaeltachta ar choinníoll, ámh, nach mbeidh scoil oiriúnach ar fáil dóibh sa Ghaeltacht féin. Soláthar £10,000 atá á dhéanamh i bhFo-Mhírcheann G don ghnó seo i mbliana, sé sin, méadú de £1,000 ar an soláthar a rinneadh don bhliain 1963-64.
Cúis sásaimh dom a fheiscint go bhfuil 26 scoileanna ag baint tairbhe as an scéim seo sa scoilbhliain reatha i gcomparáid le 11 sa bhliain roimhe sin. Tá suim £1,250 á sholáthar faoin bhFo-Mhírcheann seo chomh maith i leith seirbhísí tarchuir idir Oileán Cléire agus Dún na Séad. Is le haghaidh chothabháil an bháid tarchuir atá an t-airgead sin ag teastáil.
Níl aon athrú ó anuraidh ar an soláthar £48,000 sa Deontas £5 agus ní dóigh liom gur gá éinní speisialta a rá ina thaobh.
Tá suim £100,000 á cur ar fáil mar dheontas-i-gcabhair do Ghaeltarra Éireann arís le haghaidh na bliana 1964-65. Cuirtear an t-airgead seo ar fáil chun caiteachas reatha an Bhoird a shlánú; caitear é chun riaradh ar ghnóthaí de shaghas scéimeanna printíseachta agus tréineála agus forbartha chomh maith le freastal ar aon uireasa a tharlaíonn sna gnáth-chúrsaí trádála.
Mar a foráltar san Acht faoinar bunaíodh Gaeltarra Éireann is féidir airgead a chur ar fáil don Bhord ón bPríomh-Chiste le haghaidh cuspóirí caipitil, agus sa bhliain seo caite cuireadh iomlán de £75,000 ar fáil chuige sin. Aisíocann an Bord an t-airgead sin agus ús air. Ón uair a bunaíodh an Bord tá iomlán de £290,000 tugtha ar airleacan dó, agus tá an t-iomlán a bhí dlite go dtí deireadh Márta seo caite aisíoctha cheana, sé sin, £43,026 idir bhunairgead agus ús.
I mí Lúnasa seo caite do leagadh Tuarascáil agus Cuntais an Bhoird don bhliain 1962-63 faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. Do thaispeáin siad go raibh méadú de thimpeall £53,500 sna díolacháin thar mar a bhí sa bhliain roimhe sin agus go raibh méadú de thimpeall £21,500 sa phá a híocadh leis na hoibrithe sna hionaid táirgthe. Tá ráite sa Tuarascáil gur tosaíodh sa bhliain ar theach coirí nua a thógáil leis an muileann sníomhacháin i gCill Chárthaigh agus ar ghléasra galghinte nua a sholáthar ann. Tá na hoibreacha sin ar siúl go fóill agus is orthu sin agus ar oibreacha eile san ionad céanna a caitheadh timpeall £42,000 den £75,000 a heisíodh sa bhliain seo caite mar airleachain inaisíoctha. Faoi láthair, tá dhá ionad cniotála nua á dtógáil; ceann acu i gCloch na Rón agus an ceann eile i dTuar Mhic Éadaigh. Leagfar an Tuarascáil agus na Cuntais don bhliain seo caite faoi bhráid gach Tí den Oireachtas chomh luath agus is féidir é tar éis na cuntais a bheith iniúchta. Tuigim, áfach, ón mBord go bhfuil na díolacháin i gcoitinne imithe i méid arís ó anuraidh agus go bhfuil méadú fiúntach ar na díolacháin thar lear.
Tá soláthar £6,000 á dhéanamh faoi Fho-Mhírcheann I le go bhféadfar cabhair a thabhairt chun foirgintí a thógáil, a shealbhú, a oiriúnú nó a fheistiú mar Choláistí Gaeilge. Rinneadh soláthar £10,000 chuige sin anuraidh ach ní dhearnadh éileamh ar aon chuid den tsoláthar sin. Ag féachaint don mhéadú mór atá ag teacht le tamall anuas ar líon na daltaí atá ag lorg cúrsaí Samhraidh sa Ghaeltacht is ionadh liom nach bhfuil tairbhe níos mó á bhaint as an scéim seo, go háirithe san Iarthar. Níl ach cúig cinn de choláistí aitheanta Gaeilge i gCúige Chonnacht i gcomparáid le dhá cheann déag i gContae Dhún na nGall agus seacht gcinn sa Deisceart.
Tá soláthar á dhéanamh faoi Fho-Mhírcheann M chun cabhrú le taispeántais drámaíochta Gaeilge sa Ghaeltacht agus le Taibhdhearc na Gaillimhe. Tá an soláthar méadaithe i mbliana ó £5,000 go dtí £6,500 d'fhonn go bhféadfar deontas speisialta a chur ar fáil do Thaibhdhearc na Gaillimhe i dteannta an ghnáthdheontais mar chabhair chun maisiúcháin agus deisiúcháin áirithe a dhéanamh ar an Taibhdhearc. Tugtar deontas reachtála £2,500 don Taibhdhearc agus £1,500 d'Amharclann Ghaoth Dóbhair faoin bhFo-Mhírcheann seo. Tugtar cúnamh freisin do chumainn bheaga drámaíochta sna limistéirí Gaeltachta.
Baineann tuairim £33,000 den soláthar £40,000 faoi Fho-Mhírcheann N leis an scéim faoina dtugtar cúnamh do choistí áitiúla chun scoláireachtaí saoire sa Ghaeltacht a thabhairt do pháistí ó áiteanna lasmuigh den Ghaeltacht. Leasaíodh an scéim roinnt anuraidh d'fhonn an pobal a ghríosadh chun tuilleadh de na coistí áitiúla a bhunú agus is cúis sásaimh dom a fheiscint gur méadaíodh líon na gcoistí sin ó 96 sa bhliain 1962-63 go dtí 134 sa bhliain 1963-64. Meastar, mar adúirt mé anuraidh, go bhfuil bua ar leith leis na coistí áitiúla sa mhéid go bhfuilid in ann súil a choimeád ar feadh na bliana uile ar na páistí a bheidh le cur chun na Gaeltachta nó a bheidh tar éis tréimhse a chaitheamh ansin. Tugann sé sin deis do na coistí léachtaí, coirmeacha ceoil, agus a leithéid a shocrú do na daltaí ó thráth go chéile i rith na bliana i dtreo go mbainfidh na páistí an fheidhm is mó is féidir as an gcuairt ar an Ghaeltacht agus nach gcaillfidh siad tairbhe pé tréimhsí a bheidh caite acu ann. Táim ar an tuairim nach mbeidh gluaiseacht seo na scoláireachtaí Gaeltachta socair ar an bhforas ceart go dtí go mbeidh coistí iontaofa áitiúla bunaithe ar fud na tíre uile lasmuigh den Ghaeltacht. Is é beartas na Roinne bunú agus neartú na gcoistí sin a chur chun cinn ar gach bealach is féidir.
Cúis sásaimh dom freisin an méadú atá tagtha ar líon na bpáistí a bhain tairbhe as an gcúnamh a cuirtear ar fáil faoin scéim seo le roinnt bhlianta anuas. Cuireadh suas le 5,700 páistí ó 134 coistí chun na Gaeltachta sa bhliain 1963-64 i gcomparáid le 333 páistí ó cheithre coistí sa bhliain 1957.
Tá san áireamh faoin bhFo-Mhírcheann seo freisin soláthar le haghaidh scéime faoina gcuirtear páistí chuig scoileanna Gaeltachta—gach páiste ar feadh téarma scoile amháin. Tá an scéim seo á reachtáil ag an Roinn i gcomhar le Gael-Linn agus is cúis sásaimh dom i gcónaí an comhoibriú seo a bheith idir eagras deontach agus an Stát ar mhaithe le athbheochan na Gaeilge. Isé bua na Scéime seo go dtugann sí líofacht Ghaeilge d'fhoghlaimeoirí óga in imeacht gearrthréimhse aimsire. Dá bhrí sin, molaim go láidir don phobal í agus tá súil agam go mbainfidh siad tuilleadh feidhme aisti sna blianta atá romhainn.
Tá soláthar á dhéanamh faoi Fho-Mhírcheann O i ndáil le scéim nua trína gcuirfear cúnamh airgid ar fáil do bhuachaillí as na limistéirí Gaeltachta a bheidh ag freastal ar chúrsaí printíseachta tamall ó bhaile. Tá ganntanas mór ceardaithe oilte de bhunadh na Gaeltachta féin ar fud na limistéirí Gaeltachta. Féadfar a locht sin a chur ar a dheacra atá sé don ghnáthbhuachaill sa Ghaeltacht deis a fháil cois baile chun cúrsa printíseachta a dhéanamh agus ar a chostasaí a bheadh sé air cúrsa a dhéanamh in aon áit eile. Ar an ábhar sin socraíodh go gcuirfí liúntaisí cothaithe ar fáil ar choinníollacha áirithe d'fhonn cabhrú le buachaillí Gaeltachta a mbeidh orthu cónaí as baile i ndáil le cúrsa printíseachta. Liúntas £100 ar a mhéid a bheidh i gceist don chéad bhliain phrintíseachta agus £50, ar a mhéid, don dara bliain. Tá an scéim seo á riaradh ag an Roinn i gcomhar leis na coistí gairmoideachais contae agus is ar mholadh na gCoistí sin a cheadaítear liúntas faoin scéim. Ocht liúntais a cheadaíodh go dtí seo ach tá súil agam go rachaidh an uimhir sin i méid go mór sna blianta atá romhainn.
Tá soláthar á dhéanamh faoin bhFo-Mhírcheann seo freisin d'fhonn cúnamh airgid a chur ar fáil do Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe i leith scéime atá acu d'fhonn liúntais chothaithe a chur ar fáil do dhaltaí as Inis Thiar agus Inis Meán lena chumasú dóibh cur fúthu ar Inis Mór faid a bhíonn siad ag freastal ar an ngairmscoil ansin. Tá soláthar ann freisin le haghaidh Scéime den tsort céanna atá á hoibriú ag Coiste Gairmoideachais Chontae Dhún na nGall ar mhaithe le daltaí as na hOileáin Ghaeltachta atá ag freastal ar ghairmscoileanna ar an mórthír. Punt de chuid na Roinne atá á íoc in aghaidh gach puint de chuid na gcoistí.
Ní cóir dom críoch a chur leis an ráiteas seo gan tagairt a dhéanamh do Thuarascáil an Choimisiúin um Athbheochan na Gaeilge. Fé mar is eol don Dáil, tá an Tuarascáil á scrúdú i mo Roinnse agus sna Ranna eile Rialtais, agus tá ar intinn ag an Rialtas Páipéar Bán a leagan faoi bhráid na Dála ar ball ag léiriú beartais an Rialtais i dtaobh moltaí an Choimisiúin. Tá dóchas agam go dtiocfaidh d'fheidhmiú an bheartais sin go n-éireoidh le Roinn na Gaeltachta cúnamh nach beag a thabhairt ar mhaithe leis an nGaeltacht agus leis an nGaeilge.