Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 6 Jul 1966

Vol. 223 No. 13

Secondary Teachers' Superannuation (Amendment) Scheme, 1966.

Tairgim:

Go ndaingneofar Scéim Aoisliúntas na Meánmhúinteoirí (Leasú), 1966, a d'ullmhaigh an tAire Oideachais, le toiliú an Aire Airgeadais, faoi alt 5 d'Acht Aois-Liúntais na Múinteoirí, 1928, agus a leagadh faoi bhráid an Tí an 9ú lá de Mheitheamh, 1966.

Tá an leasú seo á chur ós comhair an Tí chun éifeacht a thabhairt do mholadh a deineadh ag an Chomhairle Idir-réitigh do Mheánmhúinteoirí.

Forálann an leasú seo gur ináirithe chun críche pinsin agus aisce faoi théarmaí Scéim Aosliúntais na Meánmhúinteoirí (1) seirbhís suas go dtí cúig bliana mar Rúnaí Ginearálta Chumann Mheánmhúinteoirí Éireann agus (2) seirbhís mar bhall d'fhoirinn ghairmiúil Choláiste Oiliúna d'Oidi Náisiúnta ar an gcoinníoll go n-íoctar isteach i gCiste Phinsin na Meánmhúinteoirí na ranníocaíochta iomchuí i leith na seirbhísí sin.

Deineann an leasú freastal ar chás Iar-Rúnaí Cumann na Meánmhúinteoirí.

Question put and agreed to.
Top
Share