d'Aire na Gaeltachta an bhfuil aon scéim sa Roinn chun feabhas a chur ar ché Chill Eanna, Oileán Árainn, Contae na Gaillimhe; agus an féidir leis a rá cén uair a thosófar ar an scéim.
Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Feabhsú ar Ché Oileán Árainn.
20. D'fhiafraigh
Tá deontas £4,500 ceadaithe agam chun feabhas a chur ar ché Chill Eanna ar choinníoll go n-aontóidh an Chomhairle Chontae cúram cothabhála na n-oibreacha a ghlacadh orthu féin. Acht aontú na Comhairle a fháil, iarrfaidh mé ar Oifig na nOibreacha Poiblí na hoibreacha a chur á ndéanamh a luaithe is féidir.