Led cheadsa, a Cheann Comhairle, freagróidh mé Ceisteanna a 14 agus a 15 le chéile.
Níl a fhios amhlaidh agam. De thoradh fiosrúcháin a deineadh sa chás, dearbhaítear dom nár dhiúltaigh Comhairle Chontae Bhaile Átha Cliath comhfhreagras i nGaeilge a dhéanamh leis an duine atá i gceist. Dearbhaítear dom freisin nach raibh comhfhreagras ar bith ag an gComhairle leis, le déanaí, agus má eisíodh litir nó doiciméid chuige i mBéarla, nach mór gur tré dhearmad a thárla.
Mar chuid dá scéim athbheochana tá leagan dhá-theangach de fhoirmeacha oifigiúla á chur ar fáil ag an gComhairle de réir a chéile, agus, don chuid is mó den Chontae, tá na héilimh rátaí anois sa leagan dhá-theangach.
Deirtear liom go bhfuair an tÚdarás Áitiúil suas le fiche iarratais ar an leagan Gaeilge den nóta éilimh rátaí, agus cáipéisí den chineál céanna, le trí bliana anuas.