Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 23 Jul 1970

Vol. 248 No. 12

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Foilseacháin Ghaeilge.

48. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé mhéad airgid a d'íoc an Roinn le páipéir agus nuachtáin, a fhoilsítear i nGaeilge amháin, sa tréimhse chúig bliana dar chríoch an 31 ú lá de Mhárta, 1970, ainmneacha na bpáipéar agus na nuachtán sin agus an méid a íocadh le gach ceann díobh.

Is i bhfoirm tábla atá an t-eolas agus, le do cheadsa, a Cheann Comhairle, cuirfear timpeall sa Tuairisc Oifigiúil é.

Seo a leanas an tábla:

Nuachtán nó tréimhseachán

An t-iomlán a íocadh ó 1/4/65 go 31/3/70

£

Inniu

117,870

Amárach

18,860

Comhar

12,620

Feasta

12,200

Tír na nÓg

8,156

Agus

6,720

An tUltach

5,460

Deirdre

2,050

Ar Aghaidh

1,716

An Timire

1,350

Top
Share