Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 28 Jul 1970

Vol. 248 No. 13

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Caladh Dhún Chaoin.

57. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an dtabharfaidh sé deontas chun deisiúchán a dhéanamh ar chaladh Dhún Chaoin.

Is í Comhairle Chontae Chiarraí atá freagrach i gcothabháil an chalaidh sin. Ní eol dom go bhfuil gá le deisiúchán ach, má tá, is don chomhairle é a dhéanamh.

Top
Share