Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 24 Mar 1971

Vol. 252 No. 8

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Linn Snámha do Chúil Aodha (Corcaigh).

19. D'fhiafraí

d'Aire na Gaeltachta conas a sheasann an scéal maidir leis an linn snámha do Chúil Aodha, Contae Chorcaí.

Chuir an coiste áitiúil tairiscintí a fuair siad don obair sin chugainn tamall gairid ó shin. Ní thig linn deontas a cheadú, áfach, gan a bheith sásta leis an bplean. Is le fíordhéanaí a fuarthas plean leasaithe agus tá scrúdú á dhéanamh air.

Top
Share