Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 17 Jun 1971

Vol. 254 No. 11

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - University Regional Survey.

21.

asked the Minister for the Gaeltacht whether his attention has been drawn to the statement of the social research centre, University College, Galway, defending the work of their regional survey which was criticised by him; and whether he has been in communication with the UCG centre subsequently.

Sa Tuarascáil Phleanála ar Ghaeltacht na Gaillimhe a d'eisigh An Foras Forbartha le déanaí léirítear gurb amhlaidh a d'ullmhaigh comhairleoir í agus gur thuig an Foras go mbainfeadh sé leas as seirbhísí an Aonaid Taighde sna hEolaíochtaí Sóisialta, an Coláiste Ollscoile, Gaillimh, agus go mbeadh lucht an aonaid sin freagrach dó go díreach. So tuarascáil sin gabhann an comhairleoir buíochas le lucht an aonaid agus deir sé gur bhain sé earraíocht as an ábhar uile i suirbhéireacht an aonaid a mheas sé a bheith fóinteach don staidéar pleanála. Déir sé go sonrach gur as an tsuirbhéireacht sin a tarraingíodh ábhar na chéad chaibidle—tuairim is leath dá bhfuil sa tuarascáil. Is léir mar sin gur baineadh feidhm as an tsuirbhéireacht faoi mar a bhí i gceist ón tús agus gur tugadh aitheantas cuí don obair.

Bíodh go raibh tuiscint ann go mbeadh lucht an Aonaid Taighde freagrach don chomhairleoir go díreach, is cosúil gur chuir siad tuarascáil dá gcuid féin amach—ina bhfuil cuid mhaith den ábhar céanna, ní foláir, mar aon le hábhar nár mheas an comhairleoir a bheith fóinteach don staidéar pleanála. Chonaic mé ráiteas ón aonad ar nuachtán ach ní raibh mé i dteagmháil leis an aonad ina thaobh.

Ar léigh an tAire an méid adúirt stiúrthóir Iolscoil na Gaillimhe?

Do léigh.

Ar aontaigh an tAire leis?

Níor aontaigh mé leis. Dúirt sé gur thóg mé tagairt amháin as an rud ar fad. Mar bhí mé ag caint ar an telefís agus ar an radio ní raibh mórán ama agam níos mó a thógaint as. Bhí sliochtanna eile ann.

Bhí an t-ádh ar an Aire gur léigh sé an méid sin.

Bhí sliochtanna eile ann is cuma cé acu aontaíonn duine leo nó nach n-aontaíonn. Is dóigh liom go léiríonn sé go raibh an ceart agam nuair adúirt mé nach bhféadfadh Rialtas ar bith bheith ag brath uirthi mar thuarascáil ghairmiúil. Mar adeirim is cuma cé acu aontaíonn tú leo nó nach n-aontaíonn tú leo. Luaigh mé ceann amháin ar an telefís ina raibh tagairt do "The new form of banana republicanism". Tá tagairt eile do "This atmosphere of death and decay will not be dispelled by the sight of outsiders building large hotels nor of foreign industrialists erecting factories; the superficiality of such solution should be apparent by now" agus tá tagairt do "All the multifarious and well-heeled State bodies now at work in the same areas". Níl anseo ach samplaí. Mar adeirim, d'fhéadfadh duine aontú leis na tuairimí sin nó gan aontú leo ach is dóigh liom go n-aon-tódh aon duine réasúnta nach bhfuil tuairimí den saghas sin oiriúnach do thuarascáil ghairimiúil ar a d'fhéadfadh an Rialtas bheith ag brath chun pleananna nó polasaí a bhunú.

Top
Share