Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 24 Jun 1971

Vol. 254 No. 14

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Athrú Post Oifig.

164. D'fhiafraí

den Aire Poist agus Telegrafa an bhfuil a fhios aige nach dteastaíonn ó mhuintir Gharmna agus Leitir Móir, Contae na Gaillimhe, oifig an phoist a athrú as an ionad a bhfuil sé faoi láthair i Leitir Móir go dtí an t-ionad nuacheaptha; agus an fáth go bhfuil an t-athrú beartaithe.

Tá litir agus meamram faighte agam ina bhfuil an méid atá luaite sa chéad chuid den cheist ráite. Maidir leis an dara cuid den cheist, b'éigean an bun-mháistir poist a bhí san sean ionad a bhriseadh.

Top
Share