Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 14 Jun 1972

Vol. 261 No. 9

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Cuspóirí an Rialtais Faoir Ghaeilge.

40. D'fhiafraigh

den Aire Airgeadais cad iad cuspóirí an Rialtais faoi láthair maidir leis an nGaeilge.

Leagadh amach cuspóirí an Rialtais sa Pháipéar Bán faoi Athbheochan na Gaeilge a foilsíodh i 1965. Níor athríodh na cuspóirí sin ó shin.

An bhfuil an tAire sásta leis an scéal?

Ní fheadar an bhfuil éinne sásta le staid na Gaeilge le níos mó ná cúpla céad bliain anuas. Ní dhéarfainn go raibh mé sásta ach tá mé sásta go bhfuil bun-pholasaí an Rialtais ar na línte cearta agus go bhfuilimid á chur i bhfeidhm chomh h-éifeachtach agus is féidir.

Níl aon easpa coiste ann. Tá dea-mhéinn ann don Ghaeilge a athbheochan agus a chur chun cinn. An n-aontódh an tAire leis an méid sin?

Bhuel——

Níor rinneadh aon obair fhónta.

Ní aontóinn leis sin ar chor ar bith. Tá sé fíor gur bunaíodh roint coiste agus tá sé fíor freisin go ndearnadh roint staidéar ach níl sé fíor nár rinneadh aon obair fhónta. Tá cuid de na torthaí curtha i bhfeidhm cheana féin agus tá cuid eile le cur i bhfeidhm go h-an luath. Mar is eol don Teachta, is gá fiosrú a dhéanamh i gcásanna áirithe sar a chuireann tú polasaí i bhfeidhm ar eagla go mbéifí ag cur ama agus airgid amú. Tá mé sásta nach bhfuilimid ag cur ama agus airgid amú agus go bhfuilimid ar na línte cearta.

Question No. 41. Deputy Connolly. I am calling Question No. 41.

Cad tá déanta, cuir i gcás, chun údarás neamhspleách don Ghaeltacht a chur ar bun? An bhfuil aon eolas le fáil ar an ábhar sin?

Tá súil agam go mbeidh breith le fáil ón Rialtas cuíosach luath ar mholtaí na tuarascála. Tá roint oibre ar siúl cheana féin a bheadh oiriúnach do sin dá nglacfaí leis an mbreith.

Top
Share