Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 28 Mar 1973

Vol. 265 No. 2

Committee on Finance. - Vóta 36: Roinn na Gaeltachta.

Tairgim:

Go ndeonófar suim fhorlíontach nach mó ná £10 chun íoctha an mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1973, le haghaidh tuarastail agus costais Roinn na Gaeltachta, maille le deontais le haghaidh tithe agus ildeontais-i-gcabhair.

Is é an phríomhaidhm atá leis an Meastachán Forlíontach seo ná £350,000 breise a chur leis an deontas-i-gcabhair atá á thabhairt i mbliana do Ghaeltarra Éireann chun caiteachas reatha a ghlanadh. Tá caiteachas de dhá shaghas i gceist:

—na costais reatha a ghabhann le forbairt na tionsclaíochta sa Ghaeltacht, agus

—caillteanas a tharlaíonn ar thionscail atá á reachtáil ag Gaeltarra.

£700,000 san iomlán a bheidh ar fáil do na cúrsaí áirithe sin tar éis don Dáil glacadh leis an Meastachán seo agus tá formhór an airgid sin caite ag Gaeltarra cheana féin. Is amhlaidh a bhíonn ar Ghaeltarra dul faoi chostais reatha chun tionscail a thionscnamh agus a chur chun cinn. Is ag dul i méid a bheidh na costais sin go ceann tamaill; tá súil agam, áfach, gur ag dul i laghad a bheidh na cailteanais ar na tionscail atá á reachtáil ag Gaeltarra féin.

Ar ndóigh, bíonn caiteachas mór caipitil chomh maith ar fhorbairt na tionsclaíochta sa Ghaeltacht ach níl sé sin i gceist sa Mheastachán seo.

Molaim an Meastachán Forlíontach don Teach.

Ní theastaíonn uaim chur in aghaidh an Mheastachán Fhorlíonta seo dar ndóigh, ós rud é gur mise, mar iar-Aire na Gaeltachta, atá freagarthach as an gcaiteachas seo. Ní theastaíonn uaim ach chomhgáirdeachas a dhéanamh le Aire nua na Gaeltachta go pearsanta, ní go polaitiúil ach go pearsanta. Tá súil agam go n-éireoidh leis go pearsanta ina phost agus é ag comhlíonadh a chuid dualgaisí. Beimidne, an dtaobh seo de'n teach, ag faire to géar ar an méad a dhéanfar faoi Aire na Gaeltachta. Tá an-chuid oibre ullmhucháin déanta i leith rudaí tábhachtacha don Ghaeltacht. Is dóigh liom go bhfuil séin am breith a thúirt agus beimíd ag súil leis an mbreith sin chomh lua agus is féidir leis an Aire an scéal go léir a phlé agus a thuiscint. Má thugtar an bhreith cheart cuideaimid leis an Aire chun polasaí a chur i gcrích a raghaidh chun leas na Gaeltachta.

Is ar éigin is gá dhom a rá nach bhfuil na freagraí go léir agam. Tá mé buíoch dibh.

Question put and agreed to.
Top
Share