Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 23 May 1973

Vol. 265 No. 12

Ceisteann—Questions. Oral Answers. - Gaeltachtaí Mhaigh Eó.

36. D'fhiafraigh

den Aire Poist agus Telegrafa an eol dó nach bhfuil aon aitheantas dhá thabhairt do Ghaeltachtaí Mhaigh Eó ag Radio na Gaeltachta; agus a ndéarfadh sé céard atá ar intinn aige a dhéanamh leis an scéal a fheabhsú.

Déanaim talamh slán de gurb é an cineál glacadh ó Radio na Gaeltachta atá i gceist ag an Teachta.

Tuigim go bhfuil glacadh sásúil ar an ard mhinicíocht (VHF) ar chraolta Radio na Gaeltachta sa chuid is mó de Ghaeltachtaí Mhaigh Eó, agus go bhfuil glacadh imeallach freisin ar an meán mhinicíocht (MF) i ndeisceart an Chontae.

Más mian leis an Teachta aon cheist a thógaint faoi ábhar craolta Radio na Gaeltachta, ba chóir dó an cheist sin a chur go díreach ar RTE.

Séard atá i gceist agam nach bhfuil aon duine dhá fhostú i gContae Mhaigh Eó ag Radio na Gaeltachta.

Níl sin fíor.

Sílim go bhfuil an fhírinne agam. Níl duine ar bith fostuithe i gContae Mhaigh Eó ag Radio na Gaeltachta. Níl studio ar bith i gContae Mhaigh Eó. Tá siad ins na Gaeltachtaí eile—i gCiarraí i gConamara agus i nDún na nGall. Ba mhaith liom ceisteanna a chur ar an Aire. An bhfuil sé ar intinn aige studio a chur ar bun i gContae Mhaigh Eó a agus an bhfuil sé ar intinn aige daoine a fhostú i gContae Mhaigh Eó a dhéanfas freastal ar Ghaeltachtaí Mhaigh Eó?

Mar is eol don Teachta, tá duine as Contae Mhaigh Eó sé sin Liam de Búrca as Béal an Átha, ar Chomhairle Radio na Gaeltachta. Tá mé sásta dul i gcomhairle le Comhairle Radio na Gaeltachta ar an gceist seo agus ba mhaith liom dá mbeadh stáisiún i gContae Mhaigh Eó más féidir é a chur i bhfeidhm. Cúrsaí airgid atá i gceist anseo.

Top
Share