Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 6 Jun 1973

Vol. 265 No. 15

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Céibh Ros a' Mhíl.

37. D'fhíafraigh

den Aire Airgeadais cathain a thosófar a tógáil céibh nua i Ros a' Mhíl, Contae na Gaillimhe.

Mr. Kenny

Ar an 13 Feabhra, 1973 glacadh le tairiscint le haghaidh piara nua agus oibreacha feabhsúchain eile ag cuan Ros a'Mhíl, ach in a dhiadh sin déirigh deacrachtaí maidir le sonraíthe áirithe den chonradh.

Támuid ag súil go réiteofar na deacrachtaí seo go luath, i dtreo is go bhféadfar tús a chur leis na hoibreacha.

An bhfhéadfadh an Rúnaí Párlaiminte a chur in iúl dúinn cathain a bhéas na deacrachtaí socraithe? Tá muintir na háite ag fanacht le tógáil an chéibh nua?

(Interruptions.)

An ligidh tú don leanbh seo cur isteach ar an gceist thábhachtach seo?

Mr. Kenny

Do luí an mhoill seo leis an dtairiscinteoir. Nuair a chuir sé an tairiscint isteach ní raibh sé in ann na hoibreacha speisialta a dhéanamh. Ní raibh sé in ann an dreidireacht a dhéanamh ná ní raibh sé in ann an caisson a dhéanamh.

Cé bhí i gceist?

Mr. Kenny

An tairiscinteoir. Níl an t-ainm agamsa. Níl sé anseo ach déarfhainn go mbeidh siad in ann tosnú arís leis an obair i gceann trí mhí nó mar sin.

Is maith an rud gur tugadh an freagra sin mar beidh a fhios ag muintir na Gaeltachta gurab é an Comhrialtas atá ag cur moille ar Céibh Ros a' Mhíl.

Question No. 38.

Top
Share