den Aire Oideachais cé mhéid dalta i ngach rang sa scoil náisiúnta i nDún Chaoin, Contae Chiarraí.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scoil Dhún Chaoin.
Mr. R. Burke
Rang na naíonan, beirt; Rang II, duine amháin; Rang III, duine amháin; Rang IV, duine amháin; Rang V, ceathrar; Rang VI, triúr.
An bhféadfadh an tAire a rá cad a tharlóidh an bhliain seo chugainn, le cúnamh Dé, nuair a imeoidh an triúr atá i Rang a 6?
Mr. R. Burke
Fanfaidh na daltaí atá i ranganna a l, a 2, a 3, a 4 agus a 5, sa scoil.
An gceapann an tAire gur féidir múineadh grúpa a chur i bhfeidhm sa scoil seo mar tá molta ag an Roinn do chuile scoil eile?
Mr. R. Burke
Is féidir é a dhéanamh mar bhí mé féin thíos ansin seachtain nó mar sin ó shin——
Ag éirí arís as freagra an Aire——
Sin í an triú ceist ón Teachta.
An míneodh an tAire dhom conas is féidir "group teaching" a chur i bhfeidhm i rang nach bhfuil ann ach scoláire amháin?
Mr. R. Burke
Is fuirist é sin a dhéanamh.
Caithfimid dul ar aghaidh go dtí Ceist a 5.
Ba mhaith liom an tAire a cheistiú faoi seo. Ón méid adúirt sé inné fá chomh mí-oiriúnach is atá scoil aon-oide, an síleann sé go fóill go raibh an ceart aige Scoil Dhún Chaoin a oscailt do scafta chomh beag is atá ann?
Mr. R. Burke
Tá mé lán-chinnte gur cóir an scoil a bheith oscailte. Ach ba mhaith liom ceist a chur ar Fhianna Fháil le do thoil, a Cheann Comhairle. Má thagann siad thar n-ais mar Rialtas ar Éirinn, an bhfuil siad chun an scoil seo a dhúnadh arís?
Ceist a 5 anois.
(Car isteach.)