Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 21 Jun 1973

Vol. 266 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Gaeltacht College Fees.

50.

asked the Minister for the Gaeltacht if he is aware that advertisements which appeared in daily newspapers regarding the fees for a month's course in a college (details supplied) in Ceathru Rua, Conamara, quoted lower figures than the actual amounts set out by the organisers of the course.

Mr. R. Burke

Tabharfaidh mé an freagra i mBéarIa, más maith leis an Teachta é.

Níl eolas mar sin agam mar níl aon bhaint dhíreach agam le táillí coláiste: is amhlaidh a íocann mo Roinn deontais leis na mná tí a chuireann iostas ar fáil d'fhoghlaimeoirí Gaeilge agus bíonn leath na ndeontas sin ie cur san áireamh chun táillí na bhfoghlaimeoirí a laghdú.

I am not so aware as I am not directly concerned with college fees: my Department pays grants to the housewives who provide accommodation for learners of Irish and one half of those grants is to be taken into account so as to reduce the learners' fees.

Cén t-eolas a chuireadh amach sa litir seo mar, de réir dheallraimh, dúirt lucht an choláiste go raibh míthuiscint ann? Cuireadar fógra amach ag rá go mbeadh £62, sílim, ar an gcúrsa agus, níos déanaí, chuireadar fogra amach ag ra go mbeadh £18 nó mar sin air, go raibh míthuiscint sa litir a fuair siad ón Roinn.

Mr. R. Burke

B'fheidir gur thárla míthuiscint éigin nuair a fógraíodh go raibh an deontas a íocann Roinn na Gaeltachta leis na mná tí á dhúbailt : b'fheidir go raibh i gceist ag an gcoláiste tairbhe an mhéadaithe iomláin a thabhairt do na foghlaimeoirí—in ionad leath do na foghlaimeoiri agus leath do na mná tí. Fuarthas gearán sa chás agus cuireadh amach litir an 9 Bealtaine mar is eol don Teachta.

Tréimhse 24 lá a bhíonn i gcúrsa de ghnáth agus íocfaidh Roinn na Gaeltachta £24 ie bean tí cháilithe i leith foghlaimeora aitheanta don tréimhse sin i mbliana, sé sin £12 a íocadh anuraidh. Is airgead don bhean tí féin a leath sin—£12 i mbliana agus £6 anuraidh—agus ta an leath eile— £12 i mbliana, £6 anuraidh—le cur san aireamh chun táille an fhoghlaimeora a laghdú.

Question No. 51 postponed.

Top
Share