Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 26 Jun 1973

Vol. 266 No. 8

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Mayo Schools.

47. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais cén uair a bheas bunscoil Pháirc an Doire, Tuar Mhic Eadaigh, Contae Mhaigh Eo, réidh ie freastal ar pháistí scoile an cheantair sin.

Mr. R. Burke

Tá deontas ceadaithe chun scéim feabhsúcháin a chur i gcrích i Scoil Pháirc an Doire. Tuigtear dom go gcuirfear na pleananna don sceím á n-ullmhú go luath ag Oifig na nOibreacha Poiblí.

Ní féidir a rá ag an am seo cathain a tosnófar ar an obair nó cén uair a bheidh an scéim críochnaithe.

An bhfuil a fhios ag an Aire nach bhfuil na daoine sásta siúd is go bhfuil an scéim seo idir lámhaibh ie bliain nó níos mó anuas, agus an bhfuil sé in ann tuairim ar bith a thúirt cathaim a bheidh an scoil seo réidh?

Mr. R. Burke

Tá an scoil seo dúnta i láthair na huaire agus tá na páistí dhá n-iompar chuig dhá scoileanna eile sa cheantar. Tá sé beartaithe an scoil a ath-oscailt nuair atá an scéim feabhsucháin curtha i gcrích. Sé costas na scéime seo £3,000 agus is gá d'oifigí Oifig na nOibreacha Poiblí na pleananna a ullmhú agus níl siad tosnaithe fós. Caithfidh siad na pleananna a chur chuig an bainisteoir ag lorg tairiscintí. Ní féidir a rá ag an am seo cathain a cuirfear tús leis an scéim seo.

An bhfuil an tAire ag rá nach bhfuil aon phlean réidh go fóill?

Mr. R. Burke

Sin é adúirt mé. Níl na pleananna seo ullamh go fóill.

Top
Share