Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 25 Jul 1973

Vol. 267 No. 11

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Limistéaraí na Gaeltachta.

33. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé ar intinn aige leathnú a dhéanamh ar limistéaraí na Gaeltachta.

Le linn mo chuid cuairteanna ar an nGaeltacht bím ag éisteacht le tuairimí ina thaobh sin agus cuirfidh mé iad go léir san áireamh ar ball.

An bhfuil an tAire sásta go bhfuil aon rud á dhéanamh chun cuidiú leis na Breach-Ghaeltachtaí maidir leis an nGaeilge a shlánú.

Sin ceann de na ceisteanna is tábhachtaí atá sa Ghaeltacht. Tá fadhbanna faoi leith ag na Breac-Ghaeltachtaí maidir le forbairt agus gach rud den saghas sin. Mar is eol don Teachta, tá moltaí inGníomh don Ghaeltacht maidir leis an mBreac-Ghaeltacht. Dúirt mé le déanaí sa Dháil go raibh Gníomh don Ghaeltacht faoi scrúdú agam ach maidir leis na moltaí atá i nGniomh don Ghaeltacht i dtaobh fhorbairt na Breac-Ghaeltachta, ba mhaith liom a rá go n-aon-taím leis na moltaí sin, go mor mhór nuair adeirtear sa tuarascáil sin go mba chóir spreagadh is cúnamh a thúirt do phobal Breac-Ghaeltachta cáiliú mar Fhíor-Ghaeltacht.

An bhfuil an tAire in ann a rá cén uair atá sé ar intinn aige na moltaí atá inGniomh don Ghaeltacht a chur i bhfeidhm?

Dúras le déanaí sa Dháil go raibh staidéar iomlán á dhéanamh agam maidir le fadhbanna Ghaeltachta, go raibh Gníomh don Ghaeltacht faoi scrúdú agam chomh maith. Tá an staidéar sin críochnaithe agam anois. Tá mé ag tosnú anois ar thuarascáil agus moltaí a ullmhú chun iad a thúirt don Rialtas. Tá sé ar intinn agam ráiteas iomlán a thúirt don Dáil nuair a bheidh mo mheastachán á phlé anseo. Tá súil agam go mbeidh meastachán mo Roinne ós comhair na Dála i dtosach an tréimhse nua sa bhFómhair.

Caithfimid dul ar aghaidh go dtí Ceist a 34.

An admhódh an tAire nach raibh aon tagairt sna ceithre pointí déag a bhí ag an Rialtais maidir leis an nGaeltacht ar chor ar bith?

Cad mar gheall ar scoil Dhún Chaoin?

Dún do bhéal tusa. Ní raibh tú in ann do chuid ceisteanna féin a fhreagairt.

(Cur isteach.)

Cé nach raibh aon rud maidir leis an nGaeltacht sna ceithre pointí déag roimh an toghchán, mar sin féin, sé an chéad rud a dhein an Taoiseach nuair a bhí an Rialtais nua á cheapadh aige Aire lán-aimsire a cheapadh don Ghaeltacht. Sí an phríomh-threoir a fuair mé ón Rialtais ná staidéar iomlán a dhéanamh ar fhadhbanna na Gaeltachta.

Ar thug an Rialtas aon treoir nó aon ordú don Aire maidir leis an nGaeltacht nó an bhfuil seo á dhéanamh aige féin?

Sí an phríomh-threoir a thug an Rialtas dom staidéar iomlán a dhéanamh ar fhadhbanna na Gaeltachta agus ansin moltaí a thúirt don Rialtas nuair a bheadh an staidéar críochnaite agam agus beidh mé ag túirt na moltaí sin don Rialtas i gceann mí nó mar sin.

(Cur isteach.)

Iarraim ar an Aire freagra a thúirt ar Cheist a 34.

Tabharfaidh mé ráiteas iomlán sa Dháil nuair a bheidh mheastachán mo Roinne os comhair na Dála.

Top
Share