Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 26 Jul 1973

Vol. 267 No. 12

Written Answers. - Deontais Cholaistí Gaeilge.

298. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil aon deontas á íoc le Coláistí Gaeilge atá taobh amuigh den Ghaeltacht agus, má tá, an inseoidh sé (a) cé mhéad coláistí atá i gceist agus (b) cé mhéad d'airgead na Gaeltachta atá á íoc leo.

Íoctar deontais chun coláistí seanbhunaithe dá leithéid sin a dheisiú nó a fheabhsú. Ó 1967 i leith tá £13,800 íoctha le ceithre choláiste.

Tá deontais á lorg ag coláistí mar sin i leith foghlaimeoirí a bhíonn ag freastal orthu ach níor tugadh aon chinneadh ar an iarratas sin go fóill.

Top
Share