Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 28 Feb 1974

Vol. 270 No. 11

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Seirbhísí Taistil Scoile.

112. D'fhiafraigh

Donncha Ó Gallchobair

den Aire Oideachais an ndéanfaidh sé mionscrúdú ar na seirbhísí taistil i gcóir páistí scoile atá ag freastal ar ghairmscoileanna agus meánscoileanna i gcaoi go bhféadfaí feabhas a chur orthu.

Mr. R. Burke

Na seirbhísí iompair seo, tá siad eagraithe ar ghréasán príomhbhealach ag freastal ar na ceantair scoile ar leith, i dtreo nach mbeidh achar is faide ná trí mhíle le taisteal ag aon dalta, de shiúl cos nó ar rothar, go dtí an scoil is gaire dhó nó chuig an bpointe ag a dtógann an bus scoile paisnéirí ar bord.

Níl aon fhianaise agam go bhfuil gá ann le haithbhreithniú iomlán a dhéanamh ar na seirbhísí seo go léir, ach má tá seirbhís ar bith ar leith go gceapann an Teachta gur ceart aithbhreithniú a dhéanamh uirthi, cuirfidh mé an tseirbhís sin á mionscrúdú ach sonraí a bheith agam fúithi ón Teachta.

An nglacfaidh an tAire go mór mór in áiteanna iargúlta gan trácht ar an achair ón scoil go mbíonn ar ghasúirí áirithe bheith na suí b'fhéidir ar leath-uair tar éis a seacht ar maidin agus nach mbíonn siad ag an mbaile to dtí a sé a chlog? Measaim gur deachrachtaí den chineál sin atá i gceist ag an Teachta seo.

Mr. R. Burke

B'fhéidir gurab amhlaidh atá an scéal ach ní féidir linn aon athrú a dhéanamh ar an scéal ag an bpointe seo, ach má tá aon rud faoi leith ag an Teachta gur maith leis é a chur in iúl dom agus déanfaidh mé athbhreithniú ar an scéal.

Top
Share