Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 26 Mar 1974

Vol. 271 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Coiste Oireachtas na Gaeilge.

59. D'fhiafraigh

andMr. Molloy d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige deontas speisialta a thabhairt do Choiste Oireachtas na Gaeilge i mbliana.

Tá deontas £11,000 íoctha le Coiste an Oireachtais sa bhliain airgeadais reatha agus níl méid an deontais don bhliain airgeadais seo chugainn socraithe go fóill.

Ar ndó glacann an tAire go bhfuil seans ann go mbeidh sé níos costaisí orthu Oireachtas na bliana seo a rith i gCois Fharraige agus go mb'fhéidir go mbeidh gá lena thuilleadh airgid ón Aire.

Tá an-áthas orm go mbeidh an tOireachtas i gConamara i mbliana. An bhliain seo thugas deontas breise do Chiste an Oireachtais. Socrófar na deontais don bhliain seo sar i bhfad agus is féidir liom a rá go mbeidh méadú ar an deontas.

Top
Share