Tairgim an leasú seo a leanas:
Go scriosfar na focail uile i ndiaidh "Dáil Éireann" agus go gcuirfear an méid seo a leanas ina n-ionad:
"ag aontú lena bhfuil fógraithe agus déanta ag an Rialtas le bliain anuas ar mhaithe le forbairt na Gaeltachta agus leas na Gaeilge."
Ar dtúis, ba mhaith liom comhgháirdeachas a dhéanamh leis an Teachta Tunney as ucht é a cheapadh mar phríomh-chainteóir ón bhFreasúra ar chúrsaí na Gaeltachta
Táimse ag iarraidh ar an Teach aontú lena bhfuil fógraithe agus déanta ag an Rialtas le bliain anuas ar mhaithe le forbairt na Gaeltachta agus leas na Gaeilge. Tá cúiseanna maithe ann go ndéanfaí é sin agus tá beartaithe agam, sa mhéid ama atá ar fáil dom sa díospóireacht seo, tuairisc ar a bhfuil déanta agus á dhéanamh againn a thabhairt mar léiriú ar na cúiseanna sin.
Taispeánann an soláthar méadaithe atá againn i Vóta Roinn na Gaeltachta don bhliain airgeadais 1973-74 £3,828,000 san iomlán i gcomparáid le £2,784,000 a caitheadh ar na seirbhísí céanna sa bhliain airgeadais 1972-73. Chomh maith leis an soláthar sa Vóta cuirtear airleacain ar fáil do Ghaeltarra as an bPríomh-Chiste: £2 mhilliún atá i gceist sa bhliain 1973-74 i gcomparáid le £1.17 milliún sa bhliain 1972-73. Is léir mar sin gur thug an Rialtas seo méadú mór—beagnach 50 faoin gcéad—don Roinn agus do Ghaeltarra chun leas na Gaeltachta agus na Gaeilge a chur chun cinn le bliain anuas. Más fíor gurb é an t-airgead a labhraíonn i gcúrsaí mar seo, ba chóir go mbeadh deascéalta le cloisteáil ar fud na Gaeltachta—agus creidim go bhfuil. B'fhéidir nach fearr rud a dhéanfainn ná tuairise ghairid a thabhairt ar an obair a rinneadh ó mhí Aibreáin seo caite go dtí tús na Márta i mbliana.
Faoi na scéimeanna tithíochta críochnaíodh cásanna mar a leanas:
180 teach nua
200 feabhsú tí
180 seomra folcaidh
150 soláthar uisce
180 saoráidí séarachais
50 feabhsú uisce agus séarachais
35 mhéadú speisialta do chuairteoirí agus
16 shealla saoire
Tá Bille nua Tithíochta á ullmhú faoi láthair agus tabharfar isteach sa Dáil é a luaithe is féidir. Tá a fhios agam go mbíonn deacrachtaí ann uaireanta le foráil na Gaeilge sna hAchtanna sin agus tá machnamh á dhéanamh agam d'fhonn teacht ar bhealach éigin chun na deacrachtaí sin a shárú agus labhairt na Gaeilge a chothú agus a neartú ag an am céanna.
Foilsíodh, le déanaí, eagrán 1974 de leabhrán na Roinne Tithe Iostais do Chuairteoirí Gaeltachta. Beagnach 900 teach ina bhfuil breis agus 3,000 seomra leapa atá sa liosta i mbliana agus tá sé ag dul i méid ó bhliain go bliain.
I gcás na scéimeanna feabhsúcháin rinneadh obair mar seo a leanas:
100 feabhsú bóthair áise 650 foirgneamh feirme 1,450 feabhsú plásán féaraigh, agus 1,100 feabhsú thionscadal talún
Tá feabhas á chur i gcónaí ar áiteanna calaíochta beaga ar fud na Gaeltachta agus, ar ndóigh, bíonn muirobreacha móra á ndéanamh chomh maith. Tá oibreacha i gcuan an Daingin a chosnóidh breis agus £160,000 beagnach críochnaithe agus tá tús curtha leis na hoibreacha i Ros an Mhíl a chosnóidh £500,000.
Tugadh tuilleadh cabhrach do chomharchumainn Ghaeltachta agus tá spéis an phobail sa chomharaíocht ag dul i méid i gcónaí. Is dea-thuar é sin don Ghaeltacht. Le bliain anuas ceadaíodh deontais don chéad uair do thrí chomharchumann i nGaeltacht Chiarraí, dhá cheann i nGaeltacht Chorcaí agus ceann i nGaeltacht Mhaigh Eo. Ceadaíodh deontas speisialta do Chomharchumann Forbartha Acla chun aonad beathaithe uan a thógáil. Is mór agam an obair atá ar siúl ag na comharchumainn Ghaeltachta agus tá súil agam go leanfar de níos treise fós feasta. Faoi mar atá ráite go minic agam, is é mo thuairim láidir go bhfuil an-tábhacht sa chomharaíocht chun brostú le dul chun cinn rathúil sa Ghaeltacht.
Maidir leis na scéimeanna cultúrtha agus sóisialacha, is eol don Teach gur shocraigh an Rialtas deontas na mban tí Gaeltachta a dhúbailt i gcás na ndaltaí a dhéanann freastal ar chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht. Tháinig de sin gur íocamar beagnach £320,000 leis na mná tí i leith breis agus 13,000 dalta a d'fhreastail cúrsaí an tsamhraidh seo caite. I rith na bliana freisin chuir mé gearrscannán daite Gaeilge An Ghaeilge Bheo á dhéanamh chun cabhrú le gnóthaí cuartaíochta sa Ghaeltacht agus, go háirithe, leis na coláistí Gaeilge ann. Tá an scannán á thaispeáint faoi láthair i scoileanna ar fud na tíre.
Tá socraithe agam freisin cabhair a chur ar fáil do choláistí áirithe a bhíonn ag gabháil don Ghaeilge go speisialta lasmuigh den Ghaeltacht agus a chuireann cúrsaí ar siúl do dhaltaí i rith an tsamhraidh. Tiocfadh an socrú sin i bhfeidhm an samhradh seo chugainn.
Tá scéim ar láimh agam chun scoláireachtaí a chur ar fáil do dhaltaí a dhéanann freastal ar chúrsa trí Ghaeilge sna coláistí réigiúnacha teicneolaíochta. Cúrsa amháin den chineál sin atá ar siúl faoi láthair— i nGaillimh—agus beidh tairbhe na scéime ar fáil do dhaltaí oiriúnacha atá ag freastal ar an gcúrsa sin.
Mhéadaíomar na deontais do na heagrais Ghaeilge freisin. Ach cur chuige i gceart tig le heagrais dheonacha a lán a dhéanamh chun an gnáthphobal a thabhairt tuilleadh i dtreo na Gaeilge agus nós labhartha na teanga a leathnú ina measc.
Thug mé scéim nua isteach chun iriseoireacht áitiúil a spreagadh i gceantair Ghaeltachta. Tá deontais á dtabhairt againn faoin scéim d'irisí áitiúla a fhoilsítear go tráthrialta sa Ghaeltacht. Tá dóchas agam agus táim cinnte de go gcabhróidh an scéim seo le scríobh agus le léamh na Gaeilge i measc mhuintir na Gaeltachta féin.
Bhí áthas orm le déanaí freisin nuair a fuair mé deis teacht i gcabhair ar lucht Siamsa Tíre san obair thábhachtach atá ar siúl acu ar mhaithe leis an teanga agus leis an gcultúr dúchais. Tá deontas £50,000 geallta agam ar choinníollacha áirithe don amharclann agus do na tithe siamsa atá le tógáil acu i gCiarraí agus beidh tacaíocht den mhéid céanna le fáil acu ó Bhord Fáilte Éireann.
Is ábhar sásaimh dom go bhfuil dul ar aghaidh maith déanta ag Gaeltarra Éireann ó thosach na bliana airgeadais. Tabharfaidh mé samplaí don Teach:—
(1) I dtús na bliana airgeadais cheap mé cúig chomhalta nua ar an mbord ar a raibh triúr ón nGaeltacht—thuaidh, thiar agus theas— feidhmeannach ceardchumainn agus feidhmeannach sinsireach ón Údarás Forbartha Tionscail. Rinne mé é sin chun forbairt na Gaeltachta a thabhairt isteach i mórshruth na forbartha náisiúnta agus chun teagmháil níos dlúithe a choimeád le pobal na Gaeltachta.
(2) Chuir mé in iúl do Ghaeltarra go bhféadfaí uasmhéid an deontais do mhiontionscail a ardú ó £20,000 go dtí £40,000.
(3) Thug Gaeltarra an idirbheartaíocht do 17 gcomhthionscal nua chun dea-chríche. Chabhraigh siad le 60 miontionscal—nach mbíonn siad féin páirteach iontu—a bhunú agus thug siad breis cúnaimh d'fhonn 28 miontionscal a bhí ann cheana a mhéadú. Cuirfidh na tograí sin ar fad, idir bheag agus mhór, fostaíocht ar fáil do bhreis agus míle duine ach iad a bheith faoi lánseol.
(4) Tá Coiste Ceardaíochta bunaithe ag Gaeltarra chun oiliúint agus beartas ceardaíochta a fhorbairt.
(5) Bhunaigh Gaeltarra caidreamh níos dlúithe leis an Roinn Talmhaíochta agus Iascaigh agus leis an bhForas Talúntais.
(6) Tá staidéar déanta ar a mhéad is féidir calafoirt iascaireachta a fhorbairt agus tá Gaeltarra tar éis cabhair a thabhairt do mhonarchan éisc in Ailt an Chorráin agus sa Daingean.
(7) Ar iarratas uaimse rinne Gaeltarra staidéar speisialta ar na hoileáin Ghaeltachta agus cheap siad oifigeach speisialta chun freastal ar na daoine agus cúrsaí a fheabhsú agus a fhorbairt. Ba mhaith liom a rá ag an bpoinnte seo go bhfuil dul chun chinn an-mhaith déanta maidir le forbairt na Gaeltachta agus gur cheadaigh bord Ghaeltarra Éireann an Luan seo caite tionscal mór do Oileán Inismór.
(8) Chuir Gaeltarra ionadaí ar an gCoiste Cuartaíochta a bhunaigh mé sa Roinn agus atá ag cabhrú chun beartas cuartaíochta a fheidhmiú a rachaidh chun tairbhe do phobal na Gaeltachta agus don Ghaeilge chomh maith.
(9) Is faoi scáth Ghaeltarra a cuireadh an Taispeántas "An Ghaeltacht Bheo" ar siúl i mBaile Átha Cliath i dtosach an tsamhraidh seo caite—rud a chabhraigh le saoire sa Ghaeltacht—agus cuireadh taispeántais eile ar siúl i dTrá Lí agus i Luimneach ó shin.
(10) Cuireadh cúrsaí nua traenála ar siúl san aonad oiliúna atá á reachtáil i nGaoth Dobhair ag AnCO. Cúis áthais dom a rá go bhfuil deontas suas le £100,000 ceadaithe ag Ciste Sóisialach na hEorpa chun cabhrú le cúrsaí oiliúna sa Ghaeltacht agus tá iarratas eile curtha ar aghaidh chuig an gciste.
(11) Rinneadh staidéar speisialta ar chúrsaí iompair agus cumarsáide agus thug mé cead chun go nglacfadh Gaeltarra páirt le hAer Árann i gcomhlacht nua aeriompair chun cúrsaí cumarsáide a fheabhsú i gceantair Ghaeltachta. Ní gá dhom a rá go gcabhróchfaidh an aer seirbhís nua go mór chun forbairt na Gaeltachta a bhrostú.
(12) Cuireadh tús le sraith seimineár forbartha d'fhonn an pobal i ngach ceantar Gaeltachta a ghríosadh chun páirt a ghlacadh i bhforbairt eacnamaíoch, shóisialach agus chultúrtha. D'fhonn tacú leis an gcuspóir sin chuir mé tús freisin leis an gcomórtas forbartha—comórtas a bhfuil duaiseanna fiúntacha ar fáil dó. Tá sé beartaithe ag Gaeltarra seimineár mar sin a chur ar siúl i ngach paróiste ar fud na Gaeltachta. D'éirigh go han-mhaith leis na seimineáir a chuir Gaeltarra ar siúl i dTuar Mhic Eadaigh agus i gCorr na Móna. De thoradh na seimineár sin táthar tar éis comharchumann nua a bhunú i nDúiche Sheoigheach i gConamara.
(13) Rinne Gaeltarra socrú leis an nGníomhaireacht Foirgníochta Náisiúnta (NBA) chun 72 theach a thógáil i nGaoth Dobhair—an chéad uair a bhfuil togra á chur i gcrích ag NBA sa Ghaeltacht. Tá comhchainteanna are siúl faoi láthair maidir le roinnt scéimeanna eile.
(14) Rinneadh teagmháil nua le Comhphobail na hEorpa agus tháinig ionadaithe ón gCoiste Sóisialach agus Eacnamaíoch dhá uair ar chuairt chun na Gaeltachta le sé mhí anuas.
Faoi mar atá fógraithe go poiblí agam cheana féin tá socraithe ag an Rialtas Údarás nua Gaeltachta a bhunú. Beidh cumhachtaí leathana ag an Údarás agus rannpháirtíocht ag pobal na Gaeltachta ann chun clár uileghabhálach don Ghaeltacht a chur i ngníomh. Beidh eagrú, structúr, feidhmeanna agus cumhachtaí an Údaráis nua ag teacht leis na príomh-mholtaí atá inGníomh don Ghaeltacht. An tÚdarás nua, a mbeidh bord naoi gcomhaltaí acu, glacfaidh siad chucu feidhmeanna forbartha atá faoi láthair ag Roinn na Gaeltachta agus ag Gaeltarra Éireann agus tabharfar dóibh freisin aon fheidhmeanna nua is gá ar mhaithe le forbairt eacnamaíoch, shóisialach, theangaíoch agus chultúrtha na Gaeltachta. Táthar i mbun oibre chun an reachtaíocht a bheidh ag teastáil a ullmhú chomh tapaidh agus is féidir lena tabhairt faoi bhráid na Dála.
Tá sé fíor-riachtanach i gcás an Údaráis go mbeidh guth díreach ag pobal áitiúil na Gaeltachta—agus áirím go sonrach muintir na n-oileán—ina fheidhmiú agus go mbeidh tionchar láidir acu ar mhúnlú a chuid beartas agus gníomhartha, dá gceantair féin chomh maith leis an nGaeltacht ina hiomláine.
Chuige sin bunófar trí bhord chúigíocha d'ionadaithe phobal na Gaeltachta agus ainmneoidh gach ceann de na boird sin duine lena cheapadh ag an Aire ar Bhord Údarás na Gaeltachta. Níl i gceist ag an bpointe seo coistí Gaeltachta de na comhairlí contae a bhunú sa chóras rialtais áitiúil. Trí Údarás na Gaeltachta agus na boird chúigíocha cuirfear bealaí soiléire cumarsáide ar fáil do mhuintir na Gaeltachta agus cabhrófar chun obair riachtanach a chur i gcrích go héifeachtach agus ag an am céanna comhplé iomlán agus aontacht cuspóra agus gníomhaíochta a bhaint amach ar an mbonn áitiúil.
An taithí atá go dtí seo i gcúrsaí forbartha sa Ghaeltacht cruthaíonn sí gan amhras dá laghad gur trí chomharchumainn de chuid an phobail is féidir an gníomh is éifeachtaí a dhéanamh ar an mbonn áitiúil. As pobal-fhorbairt trí ghníomhartha comharaíochta is fearr a thiocfaidh forbairt na Gaeltachta agus beidh an chéad tosaíocht le tabhairt dó sin i gclár oibre an Údaráis nua.
Tuigeann an Rialtas gurb í an Ghaeltacht foinse agus tobar ár dteanga agus ár gcultúir. Beartais fhorbartha, dá fheabhas iad, a laghdódh úsáid na teanga aithnímid go dteipfeadh orthu dá dheasca sin a mbun-aidhmeanna a bhaint amach. Dá bhrí sin caithfidh an clár forbartha nua aire speisialta a thabhairt do neartú agus do mhéadú úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Ná bíodh amhras ar aon duine: tá aigne an Rialtais leagtha go daingean ar chlár bríomhar oibre a fheidhmiú ar mhaithe le forbairt eacnamaíoch, shóisialach, theangaíoch agus chultúrtha na Gaeltachta. Tá a chruthú sin tugtha go maith cheana againn sa chéad bhliain i gcúram oifige dúinn.
Anois nuair atá an beart is gá á dhéanamh chun go mairfidh an Ghaeltacht, tá an Rialtas ag díriú ar cheist thábhachtach na Gaeilge feasta sa chuid eile den tír. Léiríodh sa ráiteas faoina gcuspóirí a d'eisigh páirtithe an Chomhrialtais roimh an olltoghchán gurb é an beartas a bheadh ag an Rialtas ná meas ar an nGaeilge a chothú agus an teanga féin a chur chun cinn. Faoi mar a dúirt an Taoiseach tamaillín ó shin, is é aidhm an Rialtais an Ghaeilge a bhuanú trí bheartais réalaíocha a bheith ceaptha chun tacaíocht an phobail a fháil leo. Féachfaimid chuige go mbeidh gach cabhair le fáil dóibh siúd a dteastaíonn uathu an Ghaeilge a bheith mar theanga acu ag baile agus ina saol poiblí. Táimid, sé sin an Rialtas, ag iarraidh teacht ar an tslí is fhearr chun a áiteamh ar an bpobal i gcoitinne suim a chur sa Ghaeilge. Le cúnamh Dé agus le cabhair mhuintir na hÉireann éireoidh linn go léir i dteannta a chéile chun an Ghaeilge a chur chun cinn.
Bhí an-áthas orm go raibh deis ag an Taoiseach cuairt a thabhairt ar Ghaeltacht Chonamara le déanaí agus breathnú ar chuid den dul chun cinn atá déanta ann. Faoi mar a dúirt sé ar an ócáid sin tá dóchas aige—agus tá súil agam go bhfuil dóchas againn go léir ar gach taobh den Teach seo— gur féidir, taobh istigh de réim chultúrtha na Gaeltachta, saol eacnamaíoch a fhorbairt a bheidh chun leasa na muintire a chónaíonn ann agus arb í a dtoil fanacht ann.
Is é mo thuairim féin gurb é an lánfhostaíocht sna seachtóidí do phobal na Gaeltachta an rud is tabhachtaí ar fad. Ní beag a bhfuil déanta sa treo sin i rith na bliana. I dtionscail a bhfuil cabhair tugtha ag Gaeltarra dóibh agus i dtionscail Ghaeltarra féin, tá thart faoi 2,500 duine ag obair agus is le bliain anuas a thosaigh os cionn 500 díobh. Is fuirist a rá go mbeidh lánfhostaíocht ar fáil do mhuintir na Gaeltachta sna seachtóidí ach ní fuirist é a dhéanamh. Tá deacrachtaí móra ann. Ach tá dul chun cinn an-mhaith á dhéanamh ag Gaeltarra agus tá súil agam go leanfar leis an dul chun cinn sin nuair a bheidh an t-Údarás nua bunaithe. Na tograí go léir a bhfuil cabhair ceadaithe ag Gaeltarra dóibh, meastar go gcuirfidh siad fostaíocht ar fáil do suas le 4,000 duine nuair a bheidh siad faoi lánseol. Is ábhar misnigh na figiúirí sin agus is tuar dóchais gur tháinig méadú ar na tograí sin le déanaí. Is cúis sásaimh comh maith é go bhfuil níos mó de na mórthionsclóirí sa tír seo agus thar lear ag glacadh páirte i bhforbairt tionscail sa Ghaeltacht agus go bhfuil sprid na fiontraíochta ag fás i muintir na Gaeltachta féin. Tá gach iarracht á déanamh d'fhonn an ráta forbartha a mhéadú tuilleadh agus chuige sin beidh lámh chúnta de dhíth orainn ó gach aird.
Is mar chuid bhunúsach inmharthana dár náisiún a fhéachaimse ar na ceantair Ghaeltachta. Féachaim romham ar thionchar na gceantar sin ag leathnú amach agus ag dul i bhfeidhm ar na réigiúin Bhreac-Ghaeltachta agus ar na réigiúin neamh-Ghaeltachta i gcaoi go mbeidh an tír iomlán páirteach ar ball in oidhreacht luachmhar chultúrtha na Gaeltachta. Mar fhocal deireannach ba mhaith liom an méid seo a leanas as Gníomh don Ghaeltacht a léamh. Agus traoslaím do na daoine san Údarás Saoraerfort na Sionnaine agus sa Ghaeltarra a chuir an tuarascáil sin le chéile.
Ar leathanach 8 tá ráite:
Beidh rathúnas na Gaeltachta ina chuid den rathúnas náisiúnta, agus ag brath air. An clár agus an eagraíocht a mholaimid, cuirfidh siad ar a cumas don Ghaeltacht an sciar iomlán is dual di a dhéanamh, agus an sciar atá dlite di a fháil, maidir le cur chun cinn an rathúnais náisiúnta. Thairis sin, cuirfidh sé ar a cumas don Ghaeltacht cúnamh a thabhairt, as a teanga agus as a cultúr ina iomláine, i bhfás phobal a bheadh muiníneach as a náisiúntacht.