Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 27 Mar 1974

Vol. 271 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Aerstráice Inis Meáin.

2. D'fhiafraigh

agusMr. Molloy d'Aire na Gaeltachta an bhfuil aerstráice Inis Meáin críochnaithe go hiomlán fós; agus, mura bhfuil, cén fáth.

Tuigim nach bhfuil an féar ag fás go sásúil ar chuid den aerstráice go fóill. Bíonn aersheirbhís rialta ann, áfach, ach tá teorainn le líon na bpaisinéirí san eitleán.

An mbeadh an tAire sásta aerstráice stroighne a chur ar fáil ar Inis Meáin? Sa chaoi sin d'fhéadfadh muid an deacracht atá ann a sheachaint mar gheall ar an bhféar.

Mar is eol don Teachta, bhí deacrachtaí móra ann maidir le fás an fhéir. Tuigim anois go bhfuil socraithe nua déanta chun tuilleadh feabhais a chur ar an aerstráice. Bhí cruinniú i nGaillimh an tseachtain seo caite agus tá sé socruithe anois tuilleadh oibre a dhéanamh chun feabhas a chur ar an chuid eile den aerstráice.

Ní shin í an cheist a chur mé ar an Aire. Deir an tAire go bhfuil iarracht dá déanamh feabhas a chur ar an aerstráice fhéir. Is í seo an cheist a chuir mé ar an Aire: nach mbeadh sé i bhfad níos sásúla aerstráice stroighne a chur ar Inis Meáin—aerstráice crua?

Ba mhaith liom a rá go bhfuil deacrachtaí móra ann maidir le bunú aerstráice ar oileán mar sin, go mór-mhór ag féachaint don mhéid gainimh atá ann. Bhuaileas le hionadaithe ó Choiste Forbartha Inis Meáin le déanaí agus phlé siad an cheist go hiomlán liom. Ina dhiaidh sin, an tseachtain seo caite, bhí cruinniú ag ionadaithe ó Choiste Forbartha Inis Meáin le hionadaithe ó Ghaeltarra Éireann agus ón Chomhlucht Aer agus tá socrú déanta acu anois chun obair a dhéanamh agus nuair a bhéas sé sin déanta beidh an aerstráice go léir i seirbhís.

An dtuigeann an tAire an cheist a chuir mé air? An mbeadh an tAire sásta airgead a chur ar fáil chun aerstráice stroighne a chur ar fáil in Inis Meáin? Ansin ní bheadh aon deacracht mar gheall ar an bhféar.

Caithfimíd dul ar aghaidh.

Séard atá i gceist ag an Teachta ná aerstráice crua, mar bhóthar maith láidir.

Níl an tAire sásta freaghra a thabhairt dom.

Top
Share