Nuair a bhí mé ag críochnú inné do luaigh me foscladh Dhún Chaoin mar éacht mhór an Chomhrialrais. Dúirt mé go raibh scaifte mór ag déanamh calláin fá dtaobh de sar a fosclaíodh é. Tá dísbheagadh á dhéanamh ar an Ghaeilge ó shin agus níl a fhios agamsa cá deachaidh an scaifte go raibh an oiread sin le rá acu agus a bhí comh callánach fá dtaobh de cheist na Gaeilge nuair a bhí-midne i gcumhacht. An amhlaidh gur chaill siad uchtach ar fad nó an amhlaidh nach raibh siad chomh dáiríre is a bhíodar ag ligean orthu féin?
Ba mhaith liom a fhiafraigh den Aire an bhfuil polasaí ar leith ag an Rialtas faoin Ghaeilge. Is beag adúirt sé faoin Ghaeilge nuair a bhí sé ag caint inné; is mó a labhair sé faoin Ghaeltacht, agus, mar sin, ba mhaith linn a fhios a bheith againn cad tá i ndán don Ghaeilge ins na blianta atá romhainn. Más é an tAire Poist agus Telegrafa a bheidh ag freagairt níl a fhios agam an mbeidh seisean ábalta meon an Rialtais a nochtadh fá dtaobh de sin, ach ar a laghad beidh Aire na Gaeltachta ábalta a rá nach n-aontaíonn sé leis má abrann sé rud ar bith as an bealach.
Is féidir a rá gur díol truaigh inniu an gná-shaoránach go bhfuil a dhearcadh féin aige ar an tsaol. Na bun-phrionsabail a chreid sé iontu i gcónaí tá sé imníoch, neamh-chinnte fá dtaobh daofa mar gheall ar na h-ionsaithe cliste atá á ndéanamh orthu ag grúpaí éagsúla daoine, a bheireann liobarálaí orthu féin. Is eagal liom go bhfaigheann na grúpaí seo i bhfad níos mó tacaíochta ó na meáin cumarsáide ná dream ar bith eile. Tá na daoine seo an-chliste agus is féidir leo pointe a fhorbairt agus a chur chun tosaigh chomh maith sin go nglactar leis go ró-mhinic mar "the in thing", mar adeirtear sa Bhéarla. Ansin na daoine sin go bhfuil an dearcadh acu atá faoi ionsaí, cuirtear ar a gcosaint iad agus léirítear iad mar Choimeádaithe atá in éadan dul chun cinn sa saol.
Leis an bhrú lochtach seo a thagair mé dó atá ar an ghná-dhuine, tá sé deacair air gan géilleadh agus dul leis an dtaoide. Bealach éasca as a bheadh ann dó. Ach ní bhfuarathas a dhath fiúntach ariamh de thairbhe géilleadh den chineál sin. Daoine a chreid go láidir in a gcuid cúiseanna agus a sheas go daingean leo ba chuma cad iad na deacrachtaí, sin iad na daoine a d'fhág marc in a ndiaidh ar an saol. Bhí mé ag léamh ar na mallaibh rud a scríobh Walter Lippman, an colúnaí clúiteach sin in Ameiricá, nuair adúirt sé:
We should be ready to make sacrifices when we are tempted to be weak, and have the courage to say no when it would be a lot easier to say yes.
Níl an oiread sin daoine ann inniu ag déanamh ionsaí oscailte ar an dteanga. Tá módh oibre níos ealaí-onta acu. Iarrann siad orainn an teanga a thréigint ar son cúiseanna a mbeadh bá an phobail leo, mar shampla—tá siad ag iarraidh a chur in a luí orainn go bhfuil gluaiseacht na Gaeilge in a bhac d'athaontú na tíre. Ní feidhm domhsa a rá nach gcreidim seo. Ach cuir i gcás go raibh sé fíor, an amhlaidh atá na daoine seo ag iarraidh orainn prionsabal náisiúnta amháin a chaitheamh uainn ar mhaithe le ceann eile a bhaint amach? Nach é an rud ciallmhar agus an rud ceart leanúint leis an aidhm fiú dá nglacadh sé níos fuide ceann cúrsa a shroisint? Táthar ag iarraidh orainn géilleadh inár gcuid prionsabail agus dul sa seans go bhfaighimid an ní atá uainn in am níos goiride. Ní dhéanann seo ach mearbhall a chur ar daoine.
Tá sé doiligh sainmhíniú a thabhairt ar cad is cultúr ann. Is dócha go bhfuil sé fíor a rá gurab ionann cultúr agus an dóigh a mhaireann muid agus a n-iompraíonn muid féin. Ach níl iomlán na fírinne ansin nó tá muid san dóigh in a bhfuil muid mar gheall ar an tógáil a fuair muid. Na neithe a gcreideann muid go láidir iontu agus an t-idéalachas atá ionainn is cinnte go bhfuair muid mór-chuid de sin ón á dtuismitheoirí agus tháinig sé anuas chuchu sin ónár sinnsir. An t-idéalachas seo, an dóchas, an imní agus na mianta atá againn, rinneadh iad a nochtadh don chéad uair tríd an teanga Ghaeilge agus ní féidir a shéanadh go bhfuil tionchar anmhór ag an dteanga sin ar an dóigh a smaoitíonn muid agus a n-iompraíonn muid féin inniu.
Caithfidh seo a bheith fíor nó má amharcann muid ar chuid de na cultúir atá sa domhan feicfidh muid go bhfuil difríochtaí eatorran agus difríochtí mhóra i gcásanna áirithe. Tá seo amhlaidh mar gheall ar an dóigh ar leith a dtáinig forbairt orthu—níorbh ionann teanga daofa. Mura bhfuil tionchur ag teanga ar fhorbairt cultúir, cén fáth nach aon chultúr mór amháin atá sa domhan inniu?
Tá na náisiúin éagsúla bródúil as a gcultúr féin. Tá siad bródúil as cé gur dóiche nach bhfuil siad i gcónaí ábalta sainmhiniú a thabhairt air, ach tuigeann siad gurb í an tsuimint í a thathaíonn le chéile iad mar theaghlach. agus a spreagann iad chun a dtréithe éagsúla a fhorbairt ar mhaithe leis an dteaghlach agus comhoibriú a dhéanamh le chéile chun a chinntiú go mairfidh an teaghlach; agus anso tá mé ag tagairt don náisiún mar a bheadh teaghlach ann.
Mar adúirt mé, níl mé sásta le stáid na Gaeilge nó le stáid na Gaeltachta faoin Rialtas seo. Níl mé ag rá nach bhfuil an tAire dáiríre, ach ní fheicim caidé mar a thuig leis a dhath fiúnteach a dhéanamh i leith ceachtar den dá rud atá luaite agam fhad agus atá daoine san Rialtas ag lochtú agus ag déanamh beag dár cultúr agus den Ghaeilge.
Mar adúirt mé, cháinim cuid mhaith agus an ceart agam, ach ag an am chéanna níl sé de dhith orm agus ní raibh sé riamh de dhith orm cnámh spáirne poilitíochta a dhéanamh den Ghaeilge. Mar sin is féidir liom aontú leis an méid adúirt an tAire ag deireadh a ráitis nuair adúirt sé go dtiocfadh linn uilig cuidiú lena chéile an Ghaeilge a athbheochan. Má támuid, ar an dtaobh seo den Tigh, sásta go bhfuil an Rialtas dáiríre fán Ghaeilge agus fán Ghaeltacht, gheobhaidh siad tacaíocht uainn agus beidh muidinne anseo i gcónaí ag faire orthu le cinntiú go ndéanfaidh siad beart de réir a mbriathar.