Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 27 Mar 1974

Vol. 271 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Aranmore Island Ferry.

7.

asked the Minister for the Gaeltacht when the ferry services which he announced in respect of Aranmore Island, County Donegal will become operational.

Tá an cheist maidir le feabhas a chur ar an tseirbhís fharantóireachta d'Árainn Mhór á scrúdú i láthair na huaire. Ní féidir a rá go fóill cathain díreach a thiocfaidh an tseirbhís fheabhsaithe i bhfeidhm.

An bhfuil a fhios ag an Aire gur choinnigh daoine áitiúla seirbhís mar sin ag obair i rith na mblianta? An mbeidh airgead le fáil acu sin ó Roinn na Gaeltachta as ucht an méid a chaillfidh siad?

Táim sásta go bhfuil géar-ghá le seirbhís mar seo ó Oileán Árann Mhór, agus tá an cheist á scrudú i mo Roinnse faoi láthair. Ní féidir liom a rá, cathain go díreach a chuirfear ar fáil í, ach táim sásta go bhfuil géar-ghá leis. Déanfear é chomh luath agus is féidir.

An bhféadfadh an tAire a chur in iúl don Teach cad tá ar intinn aige chun an tseirbhis seo a chur ar fáil, daoine áitiúla nó Córas Iompair Éireann?

Ní bhaineann ceist an Teachta leis an cheist seo in aon chor.

Deir an tAire go bhfuil géar-ghá leis an seirbhis seo. An bhfuil a fhios aige go bhfuil seirbhís ann faoi láthair, agus cad a tharlóidh don seirbhís atá ann tar éis an scéim nua a chur i bhfeidhm pé uair a thiochfaidh sé, agus an n-íocfar compensation leis na daoine atá ag reachtáil na seirbhíse faoi láthair?

Tá coiste forbartha in Oileán Árann agus tá seirbhis nua farantóireachta ag teastáil uathu.

Tá seirbhís ann.

Ceapann an coiste forbartha go bhfuil géar-ghá le seirbhís nua agus tá sé ar intinn agam í a chur ar fáil.

Top
Share