Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 8 May 1974

Vol. 272 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Doiciméid an Chómargadh.

4. D'fhiafraigh

den Aire Gnóthaí Eachtracha cad iad na doiciméid bhunúsacha maidir leis an gCómhargadh a bhfuil leagan oifigiúil Gaeilge orthu; cén uair a foilsíodh, nó a fhoilseofar, téacs údarásach Gaeilge na ndoiciméad sin; agus cathain a fhéadfar cóipeanna a fháil ó Oifig an tSoláthair.

Tá leaganacha údarásacha in nGaeilge le fáil ar na téacsanna bunúsacha seo leanas: (1) Conradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (An Róimh, 25 Márta 1957); (2) Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (EURATOM, An Róimh, 25 Márta 1957); (3) Conradh ag bunú Comhairle Aonair agus Coimisiún Aonair de na Comphobail Eorpacha (An Bhruiséil, 8 Aibreán 1965); (4) Conradh a leasaíonn Forálacha Buiséadachta Áirithe de na Conarthaí ag bunú na gComphobal Eorpach agus den Chonradh ag bunú Comhairle Aonair agus Coimisiún Aonair de na Comhphobail Eorpacha (Lucsamburg, 22 Aibreán 1970); (5) Conradh i dtaobh an Aontachais le Comhphobal Eacnamíochta na hEorpa agus leis an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus an Ionstraim atá i gceangal leis an Conradh sin (An Bhruiséil, 22 Eanáir 1972); (6) Cinneadh ón gComhairle i dtaobh an Aontachais leis an gComphobal Eorpach do Ghual agus Cruach (An Bhruiséil, 22 Eanáir 1972) agus (7) Cinneadh ó Chomhairle na gComphobal Eorpach ag leasú na nIonstraimí i dtaobh aontachas na mBallstát nua leis na Comhphobail Eorpacha (An Bhruiséil, 1 Eanáir 1973).

Maidir leis an gConradh ag bunú an Chomphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach (Páras, 18 Aibreán, 1951), is é an leagan Fraincíse an t-aon leagan údarásach amháin. Mar sin féin tá leagan Gaeilge deimhnithe ar fáil i imleabhair "Conarthaí ag bunú na gComphobal Eorpach 1973" atá foílsithe ag Oifig Fhoilseachán Oifigiúil na gComphobail Eorpach. Is féidir cóip a ordú ó Oifig Dhiolta Foilseachán Rialtais.

D'foilsigh Oifig an tSoláthair na téacsanna luaite thuas, ó uimhir a haon go uimhir a sé, inns na míonna Aibreán go Meitheamh, 1972, faoi na huimhreacha tagartha PRL 2191, 2192 agus 2302. Tá cóipeanna le ceannach ó Oifig Dhíolta Foilseachán Rialtais. Tá sé beartaithe an leagan deimhnithe den Chonradh, ag bunú an Chomphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach, a fhoilsiú ar ball i Sraith na gConarthaí. Tá an leagan údarasach i nGaeilge de dhociméid uimhir a seacht, foilsithe in eagrán speisíalta de Iris Oifigiúil na gComhphobail Eorpach den dáta 1 Eanáir, 1973. Is féidir cóip a cheannach ó Oifig Dhíolta Foilseachán Rialtais.

An bhféadfadh an tAire a rá ar tugadh go dtí seo aon phoiblíocht maidir leis na téacsanna seo a bheith ar fáil? An bhfuil a fhios ag iriseoirí, scoláirí agus ag daoine a chuirfeadh suim ins na nithe seo go bhfuil siad le fáil?

Do thug an Roinn Gnóthaí Eachtracha ráiteas amach ar an 30ú lá de Mhí na Márta, 1972, mar gheall ar an gceist sin agus foilsíodh an ráiteas sin ins na nuachtáin.

An ndúirt an tAire gur tugadh an fógra seo i 1972? Ar deineadh aon rud ó shin i leith?

Tá a fhios ag an bpobal mór anois go bhfuil na cáipéisí sin ann agus beidh scéala ar na páipéirí amáreach mar gheall ar an gceist a chuir an Teachta agus an freagra a fuair sé.

Bhí tuarascáil san Times le déanaí measaim agus ní raibh a fhios ag an dtuairisceoir a scríobh í go raibh sé seo le fáil agus nach fiú é seo a chur ós comhair na ndaoine seo?

Ba chóir is dócha.

Top
Share