d'Aire na Gaeltachta cé mhéad airgid a caitheadh le bliain anuas ar scéimeanna chun saol sóisialta sa Ghaeltacht a fheabhsú; agus na sonraí a thabhairt.
Ceisteanna——Questions. Oral Answers. - Sceimeanna Sóisialta Ghaeltachta.
30. D'fhiafraigh
Is féidir a rá go gcabhraíonn caiteachas uile Roinn na Gaeltachta agus Ghaeltarra Éireann go díreach nó go hindíreach chun an saol sóisialta sa Ghaeltacht a fheabhsú: breis agus £6 mhilliún d'airgead an Stáit a bhí i gceist le bliain anuas. Más mian leis an Teachta ceist eile a chur síos maidir le sonraí an chaiteachais faoi scéimeanna ar leith, beidh áthas ar an Aire i a fhreagairt.