den Aire Airgeadais cén dul chun cinn atá déanta maidir leis na socruithe chun áras nua do Roinn na Gaeltachta a thógáil i nGaillimh.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Áras Roinn na Gaeltachta.
Tá an réamhstaidéar ar riachtanais Roinn na Gaeltachta in oifig nua ins na Forbacha beagnach críochnaithe agus tá súil agam go dtabharfar na pleananna chun críche gan rómhoill.
Ag éirí as freagra an Rúnaí Pharlaiminte, an dtiochfadh leis a innsint dúinn cathain a bheidh an t-áras tógtha?
Mr. Kenny
Tá cainteanna ar siúl idir Roinn na Gaeltachta, Oifig na nOibreacha Poiblí, Gaeltarra Éireann agus an comhairle contae. Nuair a bheidh siad san críochnaithe beidh siad ag lorg na tairiscintí. Ansin nuair a bheidh siad sin réidh tosnófar ar an obair.
Ba mhaith liom a fhiafraí den Runaí Parlaiminte an bhfuil a fhios aige go ndúirt Aire na Gaeltachta tamall gairid ó shin anseo sa Teach go mbeidh oifigí Roinn na Gaeltachta ag obair sa Ghaeltacht i mbliain a 1975?
Mr. Kenny
Níor chualas é sin riamh. Níl sé sa mhéid eolais atá agamsa anseo. Ní bheidh mórán moille nuair a bheás na tairiscintí críochnaithe acu.
Tá súil agam go mbeidh foireann á moladh?
Mr. Kenny
Beidh, as Baile Átha Cliath agus Contae na Gaillmihe.
Ní fheadar an eol don Rúnaí Parlaiminte go ndúirt Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh linn le déanaí go raibh sé i gceist i dtosach go mbeadh tuairim is 40 duine i gceist ach anois tá an cosúlacht ann nach mbeidh thar 20 duine i gceist?
Mr. Kenny
Beidh scói go leith, déarfainn.
Tá an scéal ag athrú ó sheachtain go seachtain.