Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 18 Dec 1974

Vol. 276 No. 13

Vote 37: Roinn na Gaeltachta (Atógáil).

D'atógadh an díospoireacht ar an dtairiscint seo a leanas:
Go ndeonófar suim nach mó ná £3,650,000 chun íoctha an mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na tréimhse dar tosach an lú lá d'Aibreán, 1974, agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1974, le haghaidh tuarastail agus costais Roinn na Gaeltachta, maille le deontais le haghaidh tithe agus ildeontais-i-gcabhair.
—(Aire na Gaeltachta).

Tá sé dlite faoin Acht a ritheadh i 1967 go gcuirfidh an tAire iachall ar Ghaeltarra Éireann tuarascáil bhliantúil a chur ós a chomhair chuile bhliain. Is í an tuarascáil dheiridh a fuaireamar ó Ghaeltarra Éireann ná an ceann i leith na bliana 1973, Mí Iúil? Le linn an meastachán bheith á phlé anseo chuir mé in iúl don Aire gur shíl mé go raibh dul amú air nár fhéach sé chuige go raibh tuarascáil le haghaidh 1974 ós ár gcomhair agus nach bhfuil fós, go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh an tuarascáil seo ós ár gcomhair. Dúirt an tAire go raibh sé ag súil go mbeadh an ceann seo ar fáil roimh Nollaig. Ba mhaith liom a fháil amach uaidh, le do thoil, an bhfuil sé, nó muna bhfuil, cén fáth nach bhfuil.

Phléamar an cheist sin le déanaí. Bhí ceisteanna ag an Teachta maidir leis an gceist seo. Tá an tuarascáil ar fáil anois agus cuirfear í ós comhair an Rialtais ag an chéad chruinniú eile ag deireadh na seachtaine seo. Mar adúras le déanaí sa Dáil tá mé mí-shásta leis an scéal agus faoi mar adúirt mé leis an Teachta ar an ócáid sin thug me treoir do Ghaeltarra Éireann le déanaí go mbeidh mé ag súil go mbeidh an tuarascáil bhliantúil ar fáil ag am réasúnta a luaithe agus is féidir gach bliain. Tá dóchas agam go mbeidh sí le fáil agus chomh fada is a bhaineann sé liomsa mar Aire na Gaeltachta beidh sí.

Vote put and agreed to.
Top
Share