Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 10 Apr 1975

Vol. 279 No. 9

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Feabhsú Gaeilge.

46. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige aon scéim a bhunú i mbliana chun cabhrú le tuismuitheoirí i mBaile Átha Cliath ar mhian leo seal a chaitheamh sa Ghaeltacht chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge.

Mar chabhair do thuismitheoirí i mBaile Átha Cliath agus in aon áit eile feabhas a chur ar a gcuid Gaelige tá mo Roinnse i gcomhairle le Comhchoiste na gColáistí Samhradh d'fhonn socruithe cuí a dhéanamh.

I cannot hear the instantaneous translation.

Mr. Kitt

An féidir leis an Aire scéim a cheapadh chun tuismitheoirí agus páistí, an chlann go léir, a chur go dtí na Gaeltachtaí?

Ar feadh tamaill bhí tuairimí agus moltaí ag teacht isteach chuig mo Roinn ó thuismitheoirí agus ó dhaoine fásta ar mhian leo tamall a chaitheamh sa Ghaeltacht nó saoire a chaitheamh sa Ghaeltacht agus ar mhian leo chomh maith an ócáid a úsáid chun a gcuid Gaeilge a fheabhsú. Bhí fonn mór ormsa, mar Aire na Gaeltachta, cabhrú leis na daoine sin agus tá an cheist á plé againn faoi lathair le Comhchoiste na gColáistí Samhraidh. Tá dul chun chinn an-mhaith déanta agus mar a fheicim an scéal anois táim cinnte beagnach go mbeidh trí ionaid ann i mbliana, ceann amháin i gCorca Dhuibhne, ceann eile i gConamara agus ceann eile fós i nDún na nGall. Ar feadh tamaillín gach lá faoi threoir muinteora beidh deis ag na daoine teacht le chéile agus a chuid Gaeilge a fheabhsú. Ba mhaith liom a rá go bhfuair mé anchabhair ó chomhchoiste na gColáistí Samhraidh chun na socraithe sin a dhéanamh.

Cad é an saghas agus cad é an méid cabhrach atá ar fáil ag tuismitheoirí chun dul chuig an Gaeltacht?

B'fhearr liom fanacht go dtí go mbeidh na socraithe déanta againn. Tá an cheist á plé faoi láthair agus i gceann coicíse nó mar sin beidh mé in ann fógra a dhéanamh.

Mheasas go raibh an scéim bunaithe cheana féin.

Top
Share