Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 29 Apr 1975

Vol. 280 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scoil Dhoire Bhó Riada.

14. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais cén plean atá aige i leith Scoil Náisiúnta Dhoire Bhó Riada i nGaeltacht Chonamara.

Mr. R. Burke

Mar atá léirithe cheana agam, tá socair go mbeadh rogha ag tuistí go bhfuil páistí leo ag freastal ar Scoil Doire Bhó Riada iad a chur chuig an scoil nua atá á tógáil ag Sraith Salach nó iad d'fhágaint i Scoil Doire Bhó Riada.

An bhfuil sé i gceist na páistí ó scoil Dhoire Mhór Riada a athrú go Sraith Salach go dtí an scoil nua?

Mr. R. Burke

Más maith leo iad a fhágaint ar scoil i nDoire Bhó Riada is féidir leo iad a fhágaint ansin.

An cheist atá ag cur as do na tuismitheoirí faoi láthair nach bhfuil aon chóras taistil go dtí an scoil agus, freisin, nach bhfuil aon chaoi ceart ar an scoil agus nach féidir leis na páistí fanacht ann.

Mr. R. Burke

Ceadaíodh deontas le haghaidh miondeisiúchán sa scoil sin chun an foirgneamh a choiméad sásúil ach diúltaíodh deontas le haghaidh leictreachais agus uisce. Sin mar atá an cás go ndéanfaidh an Roinn athrú air.

(Cur isteach.)

An raibh a fhios ag an Aire roimhe seo go bhfuil sé ag cur as go mór do na tuismitheoirí an droch-bhail atá ar an scoil agus tá moill á cur ag duine éigin ar an deisiúchán. Cé hé? An é tusa é nó an——

Mr. R. Burke

Is mise a choiméad an scoil ar oscailt sa chéad áit. Bhí sé de pholasaí ag an Rialtas deireanach an rud a dhúnadh ar fad.

Ní freagra é sin.

Top
Share