Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 15 May 1975

Vol. 280 No. 12

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Ceapadh Oidí.

36. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais cad iad na coinníollacha nó na rialacha chun oidí a cheapadh i scoileanna náisiúnta sna Gaeltachtaí.

Mr. R. Burke

Is iad na coinníollacha céanna atá ann maidir le ceapadh oidí i scoileanna náisiúnta atá suite sa Ghaeltacht agus a bhaineann le hoidí a cheapadh i scoileanna taobh amuigh des na ceantair Ghaeltachta. Tá na coinníollacha sin leagtha síos sna Rialacha le haghaidh scoileanna náisiúnta agus in imlitir de chuid mo Roinne se a bhaineann leis an gcoibhneas idir líon na ndaltaí ar rollaí scoile agus líon na hoidí a aithnítear sa scoil.

Top
Share