Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 8 Jul 1975

Vol. 283 No. 5

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Freastal ar Choláistí Gaeilge.

18. D'fhiafraigh

agusMrs. Geoghegan-Quinn d'Aire na Gaeltachta ar cuireadh faoina bhráid an ráiteas a bhí i bpáipear laethúil le déanaí go mbeidh laghdú suas le 30 faoin gcéad ar líon na ndaltaí a bheas ag freastal ar choláistí Gaeilge i mbliana; agus an ndéanfaidh sé ráiteas faoin scéal.

Chonaic mé ráiteas mar sin ach tuigim ó Chomhchoiste na gColáiste Samhraidh nach bhfuil aon bhunús leis. Tá áthas orm.

Mr. Kitt

An mbeadh an tAire sásta níos mó airgid a chur ar fáil i gcóir na gcúrsaí Gaeilge seo?

Tá na comhchoistí an-shásta faoi láthair.

(Cur isteach.)

Ceist a 19.

19. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an de réir líon na ndaltaí a dhéanann freastal ar chúrsaí samraidh a chinntear an bhfuil ag éirí le polasaí an Rialtais i leith na Gaeltachta agus na Gaeilge.

Níl ansin ach gné amháin dá bhfuil ar siúl le cabhair an Rialtais ar mhaithe leis an nGaeltacht agus leis an nGaeilge.

An de réir líon na ndaltaí a dhéanann freastal ar chúrsaí samhraidh a chinntear go bhfuil ag éirí le polasaí an Rialtais. Ní shin a d'freagair an Rúnaí Parlaiminte.

Tá mórán rudaí eile ann.

An bhféadfadh an Rúnaí Parlaiminte a insint dúinn cén chaoi a chineann an Rialtas go bhfuil ag éirí leis an bpolasaí nó an gcinneann siad in aon chor?

Níl ansin ach píosa amháin. An bhfuil an Teachta ag rá nach gcabhraíonn na coláistí Gaeilge leis an Ghaeilge?

Níl an Rúnaí Parlaiminte ag éisteacht liom. D'fhiafraíos de cén chaoi a gcinneann an Rialtas go bhfuil ag éirí leis an bpolasaí?

Níl ansin ach rud amháin. Tá mórán rud ann. Chuir an Teachta Molloy ceist mar gheall ar na coláistí Gaeilge agus tugadh freagra dó.

Is cosúil nach n-éisteann an Rúnaí Parlaiminte liom nuair atá ceist á cur agam air. D'fhiafraíos de cén chaoi a gcinneann an Rialtas go bhfuil ag éirí leis an bpolasaí atá acu i leith na Gaeltachta?

Tá daoine ag teacht isteach sa Ghaeltacht——

Agus ag dul amach.

An bhfuair tú an script? Táimid ag bunú tionscal. Táimid ag tógaint aerstráiceanna. Táimid ag cur scéimeanna uisce ar siúl agus scéimeanna séarachais agus táimid ag tabhairt airgid agus tá forbairt á déanamh againn maidir leis na chomharchumann agus mar sin.

(Cur isteach.)

Top
Share